Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit freagrach i bhforbairt, i measúnú, i gcreidiúnú agus i ndeimhniú na scrúduithe dara leibhéal de Stáit na hÉireann: An Teastas Sóisearach agus an Ardteistiméireacht. Is comhlacht poiblí neamh-rannach é Coimisiún na Scrúduithe Stáit atá faoi choimirce na Roinne Oideachais.
Féach freisin:
Socruithe Réasúnacha: Socruithe D'Iarrthóirí le Míchumais agus le Deacrataí Foghlama
Is féidir iarratas a chur isteach do Choimisiún na Scrúduithe Stáit ar shocrú/shocruithe réasúnacha a gcuirfeadh ar chumas iarrthóirí tabhairt faoi na scrúduithe nuair a bhíonn deacrachtaí buan nó fad-téarmach i gceist, chomh maith le deacrachtaí amhairc agus éisteachta nó saindeacrachtaí foghlama, a gcuirfeadh isteach ar a bhfeidhmiú sna scrúduithe, dar leo. Féach anseo .
Tá na torthaí scrúdaithe seo a leanas i seilbh Choimisiún na Scrúduithe Stáit:
Torthaí Scrúdaithe Bhord na Meánteistiméireachta 1879-1924
An Roinn Oideachais 1925 - 2002
Coimisiún na Scrúduithe Stáit 2003 ar aghaidh
Is féidir leat Ráiteas nó Chuntas Deimhnithe ar Thorthaí a iarraidh ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit.