Bunaithe ar gcomhairle reatha ó FSS , is gá do dhuine a fuair toradh deimhneach ar thástáil COVID-19 fanacht sa bhaile ar feadh cúig lá agus teagmháil le daoine eile a sheachaint.
Tá Saoire Speisialta le Pá tar éis Dhiagnóis COVID-19 ar fáil do mhúinteoir nó cúntóir riachtanas speisialta a fhaigheann toradh deimhneach ar thástáil antaigine COVID-19. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Nóta Faisnéise TC/IN 0016/2024 agus Ciorclán 0038/2022 , ina dtugtar mionsonraí faoi na socruithe oibre agus na socruithe saoire le haghaidh múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta atá fostaithe i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna aitheanta.
Féach Ciorclán 0039/2022 dar teideal ‘Coróinvíreas (COVID-19): Socruithe Oibre Nuashonraithe le haghaidh Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBoird Oideachais agus Oiliúna’.
Ní mór do Mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta an fhoirm in Aguisín A de Nóta Faisnéise TC/IN 0016/2024 a chomhlánú agus í a chur isteach chuig a bhfostóir a luaithe is féidir.
Ba cheart do Bhaill Foirne seachas Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBoird Oideachais agus Oiliúna an fhoirm in Aguisín A de Chiorclán 0039/2022 a chomhlánú.
Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta: An Rannán Téarmaí agus Coinníollacha - Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta