Sna ciorcláin thíos, leagtar amach na téarmaí arna gcomhaontú maidir le cur chun feidhme an Achta um Chosaint Fostaithe (Obair Théarma Shocraithe), 2003, d’údaráis bhunscoileanna agus scoileanna iarbhunscoileanna, lena n-áirítear Conarthaí Tréimhse Éiginnte (CTÉ):
Tá an ceart ag múinteoir achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh i gcás ina bhfuil sé/sí míshásta le cinneadh an Bhoird Bhainistíochta gan CTÉ a dheonú nó líon áirithe uaireanta a bhronnadh.
Ní mór achomharc a dhéanamh chuig fostóir an mhúinteora (Coiste Gairmoideachais nó Bord Bainistíochta) laistigh de 4 seachtaine oibre tar éis dáta fógartha an chinnidh. Is go hiomlán a liostaítear na nósanna imeachta sna ciorcláin seo a leanas:
Múinteoirí Bunscoile agus Iarbhunscoile
Ríomhphost: