Córas oideachais i mballstát eile, lena n-áirítear ardoideachas agus foghlaim d’aosaigh
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is iad ollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta, agus coláistí oideachais is mó a chuireann ardoideachas ar fáil in Éirinn. Chomh maith leis sin, cuireann roinnt institiúidí tríú leibhéal eile oideachas speisialta ar fáil, i réimsí amhail ealaín agus dearadh, leigheas, staidéar gnó, forbairt tuaithe, diagacht, ceol agus an dlí.
Déanann an Lár-Oifig Iontrála iarratais ar iontráil i gcúrsaí fochéime in ollscoileanna, coláistí oideachais, institiúidí teicneolaíochta agus roinnt institiúidí ardoideachais eile a phróiseáil. Is é is aidhm leis an gcóras iarratais a phróiseáil ar bhonn lárnach agus déileáil leo ar bhealach éifeachtach cóir. Coinníonn na hinstitiúidí rannpháirteacha an fheidhm cinntí maidir le hiontrálacha a dhéanamh.
Cumhdaítear oideachas agus oiliúint i réimse an bhreisoideachas a dhéantar tar éis scolaíocht dara leibhéal, ach nach bhfuil ina chuid den chóras tríú leibhéal. Tá roinnt soláthraithe breisoideachais agus ardoideachais agus oiliúna ann mar aon le héagsúlacht leathan scoileanna, eagraíochtaí agus institiúidí atá rannpháirteach i soláthar oideachais leanúnaigh agus oiliúna do dhaoine óga a fhágann an scoil agus d’aosaigh.
Is iad boird oideachais agus oiliúna (BOOnna) an príomhsholáthraí breisoideachais, oideachais d’aosaigh agus oiliúna.
Is údaráis reachtúla oideachais iad BOOnna a bhfuil an fhreagracht acu as oideachas agus oiliúint, obair don óige agus réimse feidhmeanna reachtúla eile. Déanann BOOnna scoileanna dara leibhéal, coláistí breisoideachais, scoileanna náisiúnta pobail píolótacha agus réimse ionad oideachais d’aosaigh agus breisoideachais a sholáthraíonn cláir oideachais agus oiliúna a bhainistiú agus a fheidhmiú.