Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is éard atá san Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora ná íocaíocht do thuismitheoirí atá faoi bhun 66 bliana d’aois nach bhfuil ina gcónaí le chéile, agus a bhfuil a leanbh is óige faoi bhun 7 mbliana d’aois.
Cuirfear deireadh le d’Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nuair a shlánóidh an leanbh is óige 7 mbliana d’aois.
Tá eisceachtaí leis seo:
Chun cáiliú d'Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
Má tá tú idirscartha, colscartha nó má tá do pháirtnéireacht shibhialta díscaoilte, ní mór duit a bheith i do chónaí ar leithligh ar feadh trí mhí ar a laghad sula ndéanann tú iarratas ar Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora.
Is ionann ráta uasta na hÍocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora agus €232 sa tseachtain, móide an ráta i dtaca le leanbh/leanaí cáilithe ar bith.
I mbaintreachas nó i do pháirtí sibhialta marthanach
Má tá tú i mbaintreachas nó i do pháirtí sibhialta marthanach, ba chóir duit iarratas a dhéanamh laistigh de thrí mhí ó bhás do chéile nó ó bhás do pháirtí sibhialta.
Singil
Má tá tú singil, ba chóir duit iarratas a dhéanamh laistigh de thrí mhí ó bhreith do linbh.
Scartha, colscartha nó gan a bheith i bpáirtnéireacht shibhialta a thuilleadh
Má tá tú scartha, colscartha nó mura bhfuil tú i bpáirtnéireacht shibhialta a thuilleadh, ní mór duit a bheith i do chónaí ar leithligh ó do chéile nó ó do pháirtí sibhialta le trí mhí anuas. Ba chóir duit iarratas a dhéanamh laistigh de thrí go sé mhí ón dáta ar scar tú ó do chéile nó do pháirtí sibhialta.
Céile nó páirtí sibhialta príosúnaigh
Más céile nó páirtí sibhialta príosúnaigh tú, ba cheart duit iarratas a dhéanamh nuair atá do chéile nó do pháirtí sibhialta:
nó
Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm thíos agus seol ar ais í mar aon le doiciméid tacaíochta chuig d'Ionad Intreo nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.
Foirm Iarratais: Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (OFP1)
Eagrán: Meitheamh 2024
Foirm Iarratais: Leanbh Breise Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (OFP38)
Eagrán: Meitheamh 2024
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.