Cláir oiliúna saor in aisce - Skills Connect
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é Skills Connect ann sraith clár oiliúna agus scilbhisithe saor in aisce ar féidir leo socruithe oibre bunaithe ar thionsclaíocht a chur san áireamh chun tacú le daoine a bhfuil a jabanna caillte acu. Is féidir leat scileanna nua nó breise a fhoghlaim a chuideoidh leat ról nua san earnáil a raibh tú inti a fháil nó ról nua in earnáil nua a aimsiú.
Tá cláir Skills Connect saor in aisce, cuirtear ar fáil ar líne iad agus tairgeann siad tacaíocht struchtúrtha i gcomhair forbairt gairme.
Trí pháirt a ghlacadh i gclár oiliúna saor in aisce de chuid Skills Connect, beidh tú ábalta:
Soláthraíonn Gréasáin Ghnó Skillnet cláir Skills Connect ar feadh go leor earnálacha tionsclaíochta mar a mbíonn cumas maith fostaíochta agus éileamh ar thallann, lena n-áirítear:
Tá daoine atá i dteideal íocaíochtaí Liúntais Cuardaitheora Poist nó Sochair Cuardaitheora Poist ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) incháilithe do chúrsaí Skills Connect, agus is ceadmhach dóibh a n-íocaíochtaí a choimeád de réir chritéir na scéime um Fhilleadh ar an Oideachas de chuid an RCS.
Beidh cead ag daoine a bhfuil cineálacha eile tacaíochta ioncaim á bhfáil acu ó RCS, an PUP , san áireamh, a gcuid íocaíochtaí a choimeád de réir chritéir na scéime um Fhilleadh ar an Oideachas de chuid na Roinne sin.
Ba cheart duit d’incháilitheacht maidir le d’íocaíocht a choimeád a sheiceáil i gcónaí le d’oifig Intreo.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh go díreach chuig an nGréasán Gnó Skillnet atá ag cur an chláir a bhfuil suim agat ann ar fáil.