Le déanaí d’fhógair an Roinn Clár Forlíontach i bPearsan chun tacú le riachtanais oideachais nó chúraim daltaí bunscoile agus iar-bhunscoile a bhfuil riachtanais chasta acu.
Tá sé i gceist leis an gclár tacaíochta i bpearsan seo cur leis an teagasc agus an fhoghlaim atá á sholáthar ag scoil an dalta agus an tionchar a bhaineann le tréimhse dhúnadh na scoile seo a mhaolú trí 5 uair an chloig tacaíochta teagaisc nó chúraim sa tseachtain i bpearsan a sholáthar sa bhaile.
Cuirfear leithdháileadh cúig uair an chloig tacaíochtaí teagaisc nó cúraim baile-bhunaithe ar fáil do dhaltaí incháilithe ar feadh ceithre seachtaine (leithdháileadh iomlán 20 uair an chloig).
Fógraíodh síneadh leis an scéim reatha do leanaí nach mbeidh ag filleadh ar scoil ar 1 Márta.
Caithfear an clár tacaíochta a sholáthar lasmuigh den ghnáthlá scoile (i.e. um thráthnóna agus ag an deireadh seachtaine), ionas gur féidir leis an dalta leanúint ar aghaidh le bheith gafa a mhéid agus is féidir leis an teagasc agus an fhoghlaim atá á sholáthar ag a scoil.
Ní féidir an clár a sholáthar go cianda ná i bhfoirgneamh na scoile.
Is féidir aon uaireanta nach mbíonn úsáidte a sholáthar do theaghlaigh ag aon am roimh 30 Aibreán 2021, lena n-áirítear saoire na Cásca.
Mar thoradh ar uiríll chuig an Roinn ó roinnt scoileanna, tuismitheoirí, comhlachtaí bainistíochta agus ón Ombudsman do Leanaí is féidir leis an Roinn a dhearbhú gur gníomhaíocht údaraithe é reáchtáil an chláir fhorlíontaigh i scoileanna.
Dá réir sin, is féidir le haon Bhord Bainistíochta, más mian leo, áitreabh na scoile a chur ar fáil chun reáchtáil an chláir fhorlíontaigh a éascú.
Tá foirmeacha iarratais agus eolas ar fáil trí scoileanna atá i mbun teagmhála a dhéanamh le teaghlaigh na ndaltaí incháilithe chun cuidiú leo leis an bpróiseas iarratais.
Tá fáil ar threoir ghinearálta do Thuismitheoirí agus do Mhúinteoirí/CRSanna, eolas faoi théarmaí agus coinníollacha na scéime, lena n-áirítear treoir Covid-19, ag na naisc seo a leanas:
Má tá aon cheisteanna agat, cuir ríomhphost go supplementaryprogramme@education.gov.ie
Ba chóir Foirmeacha Éileamh Deontais lán-chomhlánaithe a chur ar ais chuig; An Roinn Oideachais, Clár Forlíontach i bPearsan, Rannóg an Oideachais Speisialta, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Corn an Mhadaidh, Baile Átha Luain, Co na hIarmhí N37 X659 a luaithe agus a bhíonn an soláthar críochnaithe ach ar a dhéanaí ag deireadh an lae oibre ar 14 Bealtaine 2021.