Íocaíocht ar a ndéantar tástáil mhaoine is ea Liúntas Cuardaitheora Poist a dhéantar le daoine atá dífhostaithe agus
nó
Braitheann cibé an gcáilíonn tú do Liúntas Cuardaitheora Poist ar d’ioncam agus cibé an bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn. Is é sin le rá, tá tú i do chónaí anseo agus tá dlúthnaisc agat le hÉirinn.
Chun cáiliú do Liúntas Cuardaitheora Poist, caithfidh tú na critéir seo a leanas a shásamh:
Nóta: Má tá tú féinfhostaithe, ní bhíonn an coinníoll deireanach i gceist.
Is féidir leat oibriú ar feadh suas le 3 lá sa tseachtain agus is féidir leat Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil fós do na laethanta eile. Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat, is féidir leat úsáid a bhaint as meastóir sochar oibre féachaint conas a d’imreodh glacadh le hobair pháirtaimseartha tionchar ar an méid a gheofá. Déanann an meastóir an méid iomlán amach a gheofá dá nglacfá le hobair pháirtaimseartha (aon Íocaíocht Teaghlaigh Oibre san áireamh atá iníoctha leis an teaghlach) agus cuirtear é seo i gcomparáid leis méid atá a fháil agat ó íocaíochtaí cuardaitheora poist (Forlíonadh Cíosa san áireamh).
Measúnú é tástáil mhaoine ar d’ioncam teaghlaigh, coigilteas, scaireanna, infheistíochtaí nó ar an réadmhaoin go léir atá agat, seachas do theach féin. Beidh aon ioncam i do thástáil mhaoine freisin atá ag do chéile, páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir.
Suimíonn an Roinn d’ioncam ó gach foinse, agus, uaidh sin, ríomhann sí an mhaoin atá agat gach seachtain. Úsáidtear do mhaoin chun an méid a d’fhéadfá a fháil a dhéanamh amach.
Braithfidh do ráta íocaíochta ar d’ioncam agus ar thoradh na tástála maoine. Mura bhfuil aon mhaoin agat, má tá tú 25 bliain d’aois nó níos sine, agus má tá tú singil, gheobhaidh tú an íocaíocht sheachtainiúil iomlán €232.
Tá méadú do gach cleithiúnaí linbh iníoctha má tá méadú do dhuine fásta cáilithe á fháil agat. Mura gcáilíonn tú do mhéadú do dhuine fásta cáilithe, b’fhéidir go bhfaighidh tú méadú ar leathráta do chleithiúnaí linbh cáilithe.
Is iad seo a leanas na rátaí reatha.
Rátaí Liúntas Cuardaitheora Poist | Ráta |
Íocaíocht pearsanta iomlán (25 nó níos sine) | €232.00 |
Ráta Pearsanta 18 go 24 | €141.70 |
Íocaíocht bhreise do dhuine fásta cáilithe | €154.00 |
Íocaíocht bhreise do dhuine fásta cáilithe (18 go 24) | €141.70 |
Íocaíocht bhreise do leanbh cáilithe faoi 12 | €46.00 (lánráta), €23.00 (leathráta) |
Íocaíocht bhreise do leanbh cáilithe 12 agus níos sine | €54.00 (Ráta iomlán), €27.00 (leathráta) |
Má tá tú idir 18 agus 24 bliana d’aois tá tú incháilithe don ráta pearsanta iomlán de €232 do Liúntas Cuardaitheora Poist má chomhlíonann tú aon cheann de na coinníollacha atá liostaithe thíos:
Beidh an méid a gheobhaidh tú níos lú má tá measúnú maoine déanta agat.
Más cuardaitheoir poist tú agus tú faoi 25 agus má tá cúrsa oideachais, oiliúna, Fostaíocht Pobail, Scéim Shóisialta na Tuaithe nó TÚS, déanta agat fillfidh tú ar ais ar an ráta cuí Liúntais Cuardaitheora Poist a bhaineann le haois, má bhí ráta den sórt sin á fháil agat roimhe seo.
Íoctar Liúntas Cuardaitheora Poist gach seachtain i riaráiste. Íoctar gach íocaíocht cuardaitheora poist go seachtainiúil lena n-oifig phoist áitiúil ach amháin má tá tú ag obair go páirtaimseartha nó ar gearr-am nó má tá tú os cionn 62 bhliain d'aois.
Má oibríonn tú ar bhonn ócáideach, déanfar d'íocaíocht le hinstitiúid airgeadais nó le seic ar chúiseanna riaracháin
Caithfidh d’fhostóir an fhoirm UP80 thíos a chomhlánú. Is féidir an fhoirm seo a íoslódáil agus a chomhlánú. Nuair a chomhlánaíonn d’fhostóir an fhoirm tá ort í a sheoladh ar ais chuig d'Ionad Intreo áitiúil
Dearbhú Fostóra maidir le Fostaíocht Ócáideach/ Pháirtaimseartha/Ghearrthéarmach (UP80)
Lúnasa 2021 - UP80
Is féidir leat na laethanta a dhearbhú anois a bhíonn tú agus nach mbíonn tú ag oibriú ar líne trí www.MyWelfare.ie Ciallaíonn seo nach mbeidh ort duillíní páipéir a sheoladh ar aghaidh gach seachtain chuig d’Ionad Intreo/Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.
Féach le do thoil ár dtreoir maidir le deimhniú páirtaimseartha/ócáideach/gearr-ama oibre ar líne le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Má tá tú níos sine ná 62 bliain d’aois agus má tá íocaíocht chuardaitheora poist á fáil agat, ní gá duit an méid seo a leanas a dhéanamh:
Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le d'Ionad Intreo nó Oifig Brainse áitiúil chun do theidlíochtaí a sheiceáil sula bpleanálann tú saoire nó sula dtéann tú ar saoire. Tá sonraí iomlána maidir le teidlíochtaí saoire ar fáil anseo.
Is féidir leat leanúint ag oibriú i ndiaidh go mbaineann tú 66 bliain d’aois amach agus Pinsean Stáit a fháil má shásaíonn tú na coinníollacha cáilitheacha go léir chun pinsean a fháil.
Féach le do thoil Pinsean Stáit (Ranníocach) agus Pinsean Stáit (Neamh-ranníocach) chun teacht ar eolas breise ar conas cáiliú do na híocaíochtaí seo.
Más fostaí thú a bhfuil ranníocaíocht árachais shóisialaigh Aicme A á híoc agat, iarr ar d’fhostóir é seo a athrú go dtí Aicme J nuair a bhaineann tú 66 bliain d’aois amach. Cuirfidh do dhuillín pá ar an eolas tú cén aicme de ranníocaíocht ÁSPC atá á híoc agat.
Má tá tú féinfhostaithe agus má tá ranníocaíocht árachais shóisialaigh Aicme S á híoc agat, ba cheart duit ÁSPC a íoc ar Aicme M i ndiaidh do bhreithlae 66 bliain d’aois.
Má tá cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar MyWelfare.ie.
Má tá cuntas MyGovID bunúsach agus Cárta Seirbhísí Poiblí agat, is féidir leat do chuntas a fhíorú ar MyGovID.ie.
Is féidir leat iarratas a chur isteach ar Liúntas Cuardaitheora Poist, trí fhoirm iarratais ar pháipéar a chomhlánú.
Más mian leat go seolfar foirm iarratais chugat sa phost, seol ríomhphost chuig BP65forms@welfare.ie agus cuir d'ainm, do sheoladh agus ainm na foirme san áireamh.
Chomh maith leis sin, is féidir leat iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist a dhéanamh trí chuairt a thabhairt ar d'Ionad Intreo nó d'Oifig Brainse áitiúil.
Tabhair leat an méid seo a leanas, le do thoil:
Má tá athéileamh á dhéanamh agat (rinne tú d’éileamh deireanach laistigh den tréimhse 12 mhí anuas), ba cheart duit foirm athéilimh UP6 a chomhlánú
Tabhair an cháipéisíocht go léir go dtí d'Ionad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh nuair a théann tú ann chun d'éileamh a dhéanamh. Is féidir leat iarratas a dhéanamh fiú mura bhfuil na cáipéisí ar fad agat, ach ní féidir leat cinneadh a fháil ar d'iarratas go dtí go bhfuil na cáipéisí ar fad curtha ar fáil agat.
Is féidir leat cinneadh a achomharc mura bhfuil tú sásta leis. Ba cheart duit achomharc a dhéanamh laistigh de 21 lá i ndiaidh go ndearnadh cinneadh agus is féidir leat iarraidh ar éisteacht ó bhéal.
Déanfaidh oifigeach achomhairc, a bhfuil a c(h)inneadh críochnaitheach, cinneadh ansin faoi do chás. Is féidir cinneadh a dhéanamh faoi roinnt cásanna gan éisteacht ó bhéal.
Má thagann eolas nua chun solais nó má thagann athrú ar do chúinsí, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist arís.
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochta ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann baill foirne sa rannóg agus iad i mbun a gcuid oibre.