Oideachas Tosaigh do Mhúinteoirí (ITE) Bunscoile
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá ceithre Institiúid Ardoideachais (HEIanna) maoinithe ag an stát a thairgeann cláir d'oideachas tosaigh múinteoirí bunscoile atá creidiúnaithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta do mhúineadh bunscoile.
Institiúid | Seoladh Gréasáin |
Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 | www.mie.ie |
Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach | www.mic.ul.ie |
Institiúid Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Campas Choláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9 | www.dcu.ie |
Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, Co. Chill Dara | www.maynoothuniversity.ie |
Bíonn cúrsa 4 bliana lánaimseartha le haghaidh céim Baitsiléir Oideachais (Bunmhúinteoireacht) i ngach ceann de na ceithre HEIanna thuas.
Cuirfear tús le Clár B.Ed (Teanga Comharthaíochta na hÉireann) (ISL) don Oideachas Tosaigh do Mhúinteoirí (ITE) in DCU i Meán Fómhair 2019. Is é cuspóir an chláir seo bealach iontrála CAO ar leith a thabhairt isteach i dteagasc bunscoile go sonrach do mhic léinn atá bodhar agus a bhfuil moill éistigh orthu agus a dhéanann cumarsáid trí ISL. Ceadóidh an B.Ed seo go nglacfar le ISL mar mhalairt ar an nGaeilge mar riachtanas iontrála nuair a bheidh critéir áirithe le chéile Mar sin féin, ní mór na buncheanglais iontrála riachtanacha i Matamaitic agus Béarla a chomhlíonadh chun dul isteach sa chlár seo.
Tairgeann na ceithre Institiúidí Ardoideachais atá maoinithe ag an stát thuas Clár Máistreachta Gairmiúla san Oideachas (PME) dhá bhliain d'Oideachas Tosaigh do Mhúinteoirí.
Ina theannta sin, soláthraíonn Hibernia College Clár Máistreachta Ghairmiúla san Oideachas sa Bhunmhúinteoireacht freisin. Is cuideachta faoi úinéireacht phríobháideach, neamh-mhaoinithe é Hibernia College. Déantar an clár foghlama cumaisc seo thar 2 bhliain agus tá sé creidiúnaithe ag an gComhairle Múinteoireachta don bhunmhúinteoireacht.
Féadfaidh daoine a dhéanann an cúrsa seo a chomhlánú go rathúil a bheith cláraithe ag an gComhairle Múinteoireachta.
0034/2021
Nuashonrú ar na Critéir Iontrála do Bhealach Iontrála na Gaeltachta sa Bhaitsiléir Oideachais Bunscoile (trí mhean an Bhéarla)
Chun na ceanglais iontrála is déanaí don Chéim Baitsiléir Oideachais agus don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas a fheiceáil, cliceáil ar na naisc seo a leanas:
Máistir Gairmiúil san Oideachas (Múinteoireacht Bhunscoile) Na Riachtanais Iontrála agus an Nós Imeachta don bhliain 2024
Céim Baitsiléir Oideachais (Bunmhúinteoireacht) (CAO) - Riachtanais Iontrála do 2024
Céim Baitsiléir Oideachais (Bunmhúinteoireacht) (Scothaosta) - Riachtanais Iontrála do 2024
Tá na ceanglais chun clárú mar mhúinteoir bunscoile leagtha amach i mBealach 1 de Rialacháin na Comhairle Múinteoireachta (Clárú), 2016, Rialacháin chun Clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta