Cúrsaí Oiliúna i mBallstát eile
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is bealach maith iad cúrsaí oiliúna agus socrúcháin oibre le cur le do CV, agus d’fhéadfadh cúrsa oiliúna i dtír eile den AE cabhrú leat teanga nó scileanna oibre a fhoghlaim nach bhféadfá a fhorbairt sa bhaile.
Comhcheanglaítear i gcúrsa oiliúna foghlama sa seomra ranga agus taithí san ionad oibre chun torthaí fostaíochta do rannpháirtithe a fheabhsú agus chun coinneáil agus táirgiúlacht san earnáil a mhéadú.
Is é SOLAS a bhainistíonn cúrsaí oiliúna in Éirinn.
Soláthraíonn Fostóirí Comhpháirtíochta deiseanna foghlama bunaithe ar an obair agus comhoibríonn siad le Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) ar chláir atá ann cheana agus cláir nua chun bearnaí scileanna in earnálacha agus i dtionscail éagsúla a shainaithint.
Tá níos mó ná 75 chlár ar fáil in Éirinn i raon tionscal, agus BOOanna ag forbairt Cúrsaí Oiliúna nua ar bhonn leanúnach.
Más mac léinn ollscoile tú, b’fhéidir go mbeidh tú in ann dul ar scéim malairte Erasmus+ thar lear le haghaidh cuid de do chuid staidéir nó ar chúrsa oiliúna i gcuideachta.
Má tá tú sa ghairmoideachas nó san oiliúint, nó má tá tú díreach tar éis do chuid oiliúna a thabhairt i gcrích, agus má theastaíonn uait do scileanna fostaíochta agus infhostaitheachta a fhorbairt trí chúrsa oiliúna thar lear, féadfar go mbeidh tacaíocht airgeadais ar fáil ó chlár Erasmus+ an Aontais Eorpaigh.