Is íocaíocht mhíosúil é an Liúntas Cúraim Baile do leanbh atá faoi mhíchumas trom.
Níl an íocaíocht bunaithe ar an gcineál míchumais. Is bunaithe ar thionchar an mhíchumais atá an íocaíocht.
Chun cáiliú ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
TABHAIR FAOI DEARA: Má tá do leanbh i gcúram cónaithe lánaimseartha, ní bheidh tú cáilithe. Má tá do leanbh i gcúram cónaithe, ach sa bhaile le haghaidh dhá lá nó níos sa tseachtain, b’fhéidir go bhfaighfeá íocaíocht leathráta. Mar shampla, d’fhéadfá cáiliú má fhreastalaíonn do leanbh ar sheirbhísí cónaithe Luan go hAoine agus má bhíonn sé/sí sa bhaile ag an deireadh seachtaine.
Ina theannta sin, ní mór don duine atá ag éileamh an liúntais don leanbh:
Measúnú
Nuair a fhaightear d’iarratas, déanann measúnóir leighis athbhreithniú ar an bhfaisnéis a chuireann tú ar fáil chun cabhrú linn cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann do leanbh na critéir sláinte chun an Liúntas Cúraim Baile a fháil, lena n-áirítear:
Ní bhuailfidh an measúnóir le do leanbh go pearsanta, rud a chiallaíonn go mbaineann tábhacht ar leith leis an oiread faisnéise agus is féidir leat a chur ar fáil i d’iarratas.
Nuair a bheidh tuairim curtha ar fáil ag an Measúnóir Leighis maidir le hincháilitheacht leighis an linbh, cuirtear an cás faoi bhráid Oifigigh Breithiúnachta a dhéanfaidh an cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarratas. Eiseofar litir chinnidh fhoirmiúil chugat ag cur an chinnidh in iúl duit agus má éiríonn le d’iarratas, cuirfear sonraí maidir leis an ráta íocaíochta ar fáil agus dáta tosaithe lena n-áirítear aon riaráistí atá dlite. Má bhronntar an liúntas ort, cuirfear tús leis an íocaíocht sa mhí féilire i ndiaidh na míosa inar cuireadh an fhoirm iarratais ar fáil dúinn.
Mura n-éiríonn le d’iarratas, roinnfear eolas leat maidir le conas an cinneadh a achomharc agus/nó athbhreithniú ar an gcinneadh a lorg.
Cineálacha rátaí | Ráta |
Ráta iomlán (tá aire á tabhairt agat do do leanbh idir cúig agus seacht lá sa tseachtain) | €340.00 |
Leathráta (tá aire á tabhairt agat do do leanbh idir dhá lá agus ceithre lá sa tseachtain) | €170.00 |
Má tá aire á tabhairt agat do níos mó ná leanbh amháin atá cáilithe don Liúntas Cúraim Baile, is féidir leat an liúntas a éileamh le haghaidh gach leanbh.
Ina theannta sin, tá gach faighteoir an Liúntais Cúraim Baile cáilithe do Deontas Tacaíochta Cúramóra i mí Meithimh gach bliain. Má tá tú i dteideal íocaíocht a fháil ó DCA i mí Meithimh, gheobhaidh tú an íocaíocht seo go huathoibríoch. Is é €1,850 in aghaidh na bliana an ráta reatha do gach cúramóir.
Nuair a shlánaíonn do leanbh 16 bliana d’aois, cuirfear stop l d’íocaíocht. Déanfar an íocaíocht dheireanach don mhí a shlánaíonn do leanbh 16 bhliain d’aois.
Trí mhí roimh bhreithlá do linbh, cuirfidh an roinn nóta i scríbhinn chugat ag meabhrú duit go gcuirfear stop leis an Liúntas Cúraim Baile go luath agus cuirfear eolas ar fáil duit maidir leis na roghanna eile atá ar fáil.
Liúntas Míchumais
I ndiaidh stop a chur leis an Liúntas Cúraim Baile nuair a shlánaíonn do leanbh 16 bliana d’aois, is féidir le do leanbh iarratas a dhéanamh ar Liúntas Míchumais as a c(h)eart féin.
Is íocaíocht é seo a dhéantar le daoine faoi mhíchumas a bhfuil srian suntasach orthu tabhairt faoi obair a bheadh oiriúnach do dhuine ar comhaois leo, leis an taithí agus leis na cáilíochtaí céanna, mar thoradh ar a míchumas.
Níl na coinníollacha cáilitheacha céanna luaite leis an Liúntas Míchumais agus leis an Liúntas Cúraim Baile, rud a chiallaíonn nach bhfuil do leanbh i dteideal an Liúntais go huathoibríoch.
TABHAIR FAOI DEARA: Tá gach leanbh a bhfuil DCA á f(h)áil aige/aici i dteideal cárta leighis nach bhfuil bunaithe ar thástáil acmhainne. Déan teagmháil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte má theastaíonn tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais uait.
Más mian leat iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm iarratais thíos. Cinntigh go gcomhlánaíonn do dhochtúir teaghlaigh nó speisialtóir leighis Cuid 6 agus Cuid 7 den fhoirm, agus cuir aon tuarascálacha eile maidir le míchumas do linbh agus an tionchar atá aige ar chúram do linbh san áireamh.
Ba cheart duit iarratas a dhéanamh a luaithe a shíleann tú go bhfuil na coinníollacha cáilitheacha á gcomhlíonadh ag do leanbh. Tá cuid de na coinníollacha cáilitheacha liostaithe thuas. Má tá neamhord forleatach forbraíochta cosúil le huathachas ag do leanbh, féadfaidh tú é sin a lua ar an bhfoirm iarratais thíos dar teideal Cúram Baile 3. Cuir tuarascáil san áireamh ó gach speisialtóir a thugann aire do do leanbh.
Ní gá duit an fhoirm iarratais do Chúram Baile 3 a chur ar fáil, ach d’fhéadfaí an fhoirm sin a úsáid chun tuilleadh sonraí a sholáthar maidir le riocht do linbh agus a riachtanais shonracha cúraim. Seol na foirmeacha comhlánaithe, agus na doiciméid thacaíochta ábhartha, chuig an seoladh seo:
Foirm Iarratais: Liúntas Cúraim Baile (Cúram Baile 1)
Eagrán: Feabhra 2023
An Liúntas Chúraim Baile Tuarascáil Speisialtóra (Dom Care 3)
Eagrán: Feabhra 2023
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.