Cuireann an Scéim Fóirdheontais Pá dreasachtaí airgeadais ar fáil d’fhostóirí san earnáil phríobháideach chun daoine faoi mhíchumas a fhostú. Caithfidh an obair a chuirtear ar tairiscint a bheith ar feadh 21 uair an chloig sa tseachtain, ar a laghad, agus tá an fóirdheontas ar fáil ar feadh a mhéid le 39 uair an chloig sa tseachtain.
Bíonn fostaí atá faoi mhíchumas atá rannpháirteach sa scéim faoi réir na gcoinníollacha céanna fostaíochta a bhíonn fostaithe eile.
Áirítear leo seo:
Caithfidh an fostóir an gnáthráta don phost a íoc leis an bhfostaí atá faoi mhíchumas. Caithfidh an pá íosta reachtúil, ar a laghad, a bheith i gceist leis seo. Ba cheart na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta seo a leagan amach i gconradh fostaíochta an fhostaí.
Is é an bunfhóirdheontas pá a íoctar le fostóirí san earnáil phríobháideach a fhostaíonn daoine faoi mhíchumas €6.30 san uair.
Iarratas a dhéanamh ar an Scéim Fóirdheontais Pá:
Má cheadaítear iarratas, scríobhfaidh an roinn chuig an bhfostóir agus an fostaí leis na téarmaí faofa a dheimhniú.
Iarratas Fostóra - Scéim Fóirdheontais Pá (WSS1ER ga)
2024.04.04
Iarratas Fostaí - Scéim Fóirdheontais Pá (WSS1EE ga)
2024.04.04
Tuairisc ar Leibhéal Táirgiúlachta - Scéim Fóirdheontais Pá (WSS 2 ga)
2024.04.04
Supplier Set-up Form (V05-2018)
2023.05.15
Tuairisc Rúnda Leighis agus ar Chumas Feidhmiúil - Scéim Fóirdheontas Pá (WSS DCMA ga)
2024.04.04
Iarratas ar Dheontas Snáithe III - Scéim Fóirdheontais Pá (WSS 4 ga)
2024.04.04
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an Workplace Supports Staff in your local area.
Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta faoina dtugann an fhoireann sa roinn nuair a bhíonn a gcuid oibre á déanamh acu.