Liúntas seachtainiúil é Liúntas Míchumais a íoctar le daoine faoi mhíchumas. Is féidir leat é a fháil ó aois 16 bliana.
Má tá tú in oideachas nuair a bhaineann tú 16 bliana d’aois amach, is féidir leat leanúint ag freastal ar an scoil agus an liúntas seo á fháil agat.
Tá tacaíochtaí ar leith ar fáil dóibh siúd a bhfuil cúram á sholáthar acu do leanaí faoi mhíchumas.
Má thugann tú cúram do leanbh atá faoi mhíchumas trom, b’fhéidir go gcáileoidh tú do Liúntas Cúraim Baile.
B’fhéidir go gcáileoidh tú freisin do Shochar Cúramóra nó Liúntas Cúramóra.
Chun cáiliú do Liúntas Míchumais, caithfidh tú na critéir seo a leanas a shásamh:
Íocaíochtaí do lánúineacha
Má tá tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag comhchónaí agus má cháilítear an bheirt agaibh do Liúntas Míchumais, gheobhaidh sibh beirt an ráta pearsanta seachtainiúil.
Má cháilítear thú nó do chéile, páirtnéir sibhialta nó comháitritheoir do Liúntas Míchumais agus má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fháil ag an duine eile, gheobhaidh sibh beirt an ráta pearsanta seachtainiúil de bhur n-íocaíocht faoi seach.
Is féidir le duine a bhfuil Liúntas Míchumais á fháil acu glacadh le fostaíocht nó féinfhostaíocht agus déantar tástáil mhaoine orthu ar an mbealach seo a leanas:
Tá íocaíochtaí Liúntais Míchumais, méaduithe san áireamh do chleithiúnaithe fásta nó linbh agus Liúntais eile a íoctar leis an íocaíocht, go hiomlán díolmhaithe ó:
Má tá Liúntas Míchumais á fháil agat agus má théann tú isteach san ospidéal nó i gcúram cónaithe, leanfaidh tú le d’íocaíocht a fháil chomh fada agus a shásaíonn tú na coinníollacha cáilitheacha.
Má cháilítear thú do Liúntas Míchumais, is féidir leat sochair leasa shóisialaigh bhreise a fháil le d’íocaíocht agus íocaíochtaí leasa forlíontacha eile a fháil.
Ráta seachtainiúil | ||
Do ráta pearsanta | €232.00 | |
Ráta breise do chleithiúnaí fásta | €154.00 | |
Ráta breise do chleithiúnaí linbh (faoi 12) | €46 (nó €23 i gcásanna áirithe) | |
Ráta breise do chleithiúnaí linbh (os cionn 12) | €54 (nó €27 i gcásanna áirithe) |
Cleithiúnaithe fásta
Is féidir leat an íocaíocht bhreise a fháil do chleithiúnaí fásta, mar shampla, céile nó páirtnéir, má tá a n-ioncam faoi bhun leibhéal áirithe. Tugtar méadú do dhuine fásta cáilithe air seo.
Cleithiúnaithe linbh
Le méid breise a fháil do chleithiúnaí linbh, ar a dtugtar * méadú do leanbh cáilithe , caithfidh go do leanbh na coinníollacha seo a leanas a shásamh:
Is féidir íocaíochtaí a dhéanamh go seachtainiúil cibé acu go díreach le cuntas pearsanta nó is féidir iad a bhailiú ag Oifig an Phoist.
Chun iarratas a dhéanamh, líon an fhoirm iarratais ar Liúntas Míchumais atá ag bun an leathanaigh seo. Is féidir leat an fhoirm seo a fháil, chomh maith, ó:
Seol d’fhoirm iarratais líonta agus do cháipéisí tacaíochta chuig:
Foirm Iarratais: Liúntas Míchumais (DA1)
Eagrán: Aibreáin 2022
Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta faoina dtugann an fhoireann sa roinn nuair a bhíonn a gcuid oibre á déanamh acu.