Is féidir saoire gan phá a cheadú i gcáscanna eisceachtúla sa chás ina mbíonn an fostóir sásta go bhfuil ceanglas láidir ann a bheith as láthair. 10 lá uasmhéid na laethanta saoire gan phá is féidir a ghlacadh i scoilbhliain amháin.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an Scéim Saoire gan Phá atá i gCiorclán 0054/2019 dar teideal “Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus i mBunscoileanna Aitheanta”.
Ní mór do mhúinteoir an Fhoirm Iarratais in Aguisín A a chomhlánú agus a sheoladh chuig a f(h)ostóir 6 seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe beartaithe.
Féadfar saoire gan phá le haghaidh neamhláithreachtaí gearrthéarmacha ón scoil a cheadú do chúntóir riachtanas speisialta sa chás, go bhfuil fostóir (i.e. Bord Bainistíochta/Bainisteoir/Bord Oideachais agus Oiliúna) sásta, i gcúinsí eisceachtúla, go bhfuil dea-chúis ann le cúntóir riachtanas speisialta a bheith as láthair ó dhualgas. Féadfar tréimhse saoire gan phá (faoi réir uasmhéid 10 lá in aon scoilbhliain amháin) a cheadú ansin.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi shaoire gan phá do Chúntóirí Riachtanas Speisialta, féach an ciorclán thíos:
Ní mór do chúntóirí riachtanas speisialta iarratas i scríbhinn a dhéanamh go díreach chuig a bhfostóir reatha.