Ceangal le fóntais amhail gás, leictreachas, uisce, diúscairt dramhaíola tí, teileachumarsáid agus an t-idirlíon
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide; An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide; An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is féidir gás nádúrtha a úsáid ar mhaithe le téamh lárnach agus le leictreachas a ghiniúint d’fhearais tí amhail an cócaireán agus an t-iarta, an triomadóir rothlaim, tinte fíorlasracha nó soilsiú lasmuigh.
Soláthar príobháidithe is ea an soláthar gáis, rud a chiallaíonn go bhfuil tú in ann a roghnú cén chuideachta phríobháideach a sholáthróidh gás do do theach cónaithe. Cuireann go leor soláthraithe fuinnimh idir leictreachas agus ghás ar fáil.
Tá Líonraí Gáis Éireann (LGÉ) freagrach as an líonra gáis a oibriú agus as cothabháil a dhéanamh air. Ní mór duit dul i dteagmháil le LGÉ má tá tú ag ceangal leis an eangach leictreachais den chéad uair, nó má tá tú ag dícheangal go hiomlán. B’fhéidir go mbeadh ort léamha ón méadar a thabhairt do LGÉ chomh maith.
Ceanglaíonn LGÉ gach custaiméir lena líonra beag beann ar cé acu cuideachta soláthair gáis atá in úsáid. Tá roinnt ról eile aige, lena n-áirítear:
Is é an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) rialálaí thionscal an gháis.
Má tá teach á thógáil agat, nó má tá tú ag bogadh chuig teach nár ceanglaíodh riamh cheana leis an líonra gáis, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le LGÉ ar mhaithe le ceangal. De bharr nach bhfuil an líonra gáis ar fáil i ngach cuid den tír, ní mór duit seiceáil ar dtús an bhfuil gás ar fáil i do cheantar. Is féidir é seo a dhéanamh ach Léarscáil Líonra Gáis LGÉ a úsáid.
Sa chás ina bhfuil gás ar fáil, is féidir:
Súiteálfaidh LGÉ na píopaí seachtracha gáis agus an méadar a bheidh ag teastáil uait chun an ceangal a chur ar bun. Ní mór an obair inmheánach ar an teach, lena n-áirítear píopaí gáis agus an ceangal le fearais, a bheith curtha i gcrích ag Suiteálaí Cláraithe Gáis (SCG). Ba cheart don SCG teastas comhréireachta a thabhairt duit nuair a bheidh an obair inmheánach críochnaithe.
Más mian leat dícheangal ón soláthar gáis de bharr obair tógála nó obair athchóirithe, ní mór duit dul i dteagmháil le LGÉ agus comhairle a lorg.
Tá tuilleadh faisnéise ag an CRF maidir le ceangal gáis a dhéanamh.
Tá tuilleadh faisnéise ag an CRF sa mhír thiomnaithe um fhaisnéis do chustaiméirí.
Soláthar príobháidithe is ea an soláthar leictreachais in Éirinn. Ciallaíonn sé sin go bhfuil tú in ann a roghnú cén chuideachta phríobháideach ar mhaith leat le leictreachas a sholáthar do do theach cónaithe. Cuireann soláthraithe raon seirbhísí agus margaí ar fáil dá gcustaiméirí, lena n-áirítear socruithe íocaíochta éagsúla. Cuireann go leor soláthraithe fuinnimh idir leictreachas agus ghás ar fáil.
Tá Líonraí BSL (LBSL) freagrach as an líonra gáis in Éirinn a oibriú agus as cothabháil a dhéanamh air. Ní mór duit dul i dteagmháil le LBSL má tá tú ag ceangal leis an eangach leictreachais den chéad uair, nó má tá tú ag dícheangal go hiomlán. B’fhéidir go mbeadh ort léamha ón méadar a thabhairt do LBSL chomh maith.
Ach den chuid is mó, freastalóidh an soláthraí leictreachais ar do riachtanais leictreachais ó lá go lá. Sa cháipéis seo, mínítear conas ceangal le seirbhís leictreachais, conas mar a oibríonn an córas agus céard ba chóir a dhéanamh má théann rud éigin amú.
Is é an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) rialálaí thionscal an leictreachais.
Má tá tú ag bogadh chuig maoin nár ceanglaíodh riamh cheana, nó maoin ar dícheanglaíodh í le breis is 2 bhliain, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar dtús chuig soláthraí leictreachais ar chomhaontú soláthair baile. Coinníonn an CRF liosta soláthraithe ceadúnaithe fuinnimh.
Nuair a bheidh soláthraí roghnaithe agat, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le LBSL agus an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt:
Ansin rachaidh an soláthraí i dteagmháil le LBSL chun a iarraidh go gcuirfear do cheangal leictreachais ar siúl. Déanfaidh LBSL socrú freisin go suiteálfar do mhéadar. Cuirfidh leictreoir an tógálaithe an soláthar leictreachais ar siúl i do theach cónaithe.
Tá tuilleadh faisnéise ag LBSL maidir le ceangail leictreachais tí aonair nua agus ceangail leictreachais do thithe cónaithe nua i bhforbairt tithíochta nó i bhforbairt árasán.
Tá faisnéis ag an CRF maidir le do sholáthraí fuinnimh a athrú.
Tá Uisce Éireann freagrach as uisce a sholáthar go héifeachtúil do thithe agus do ghnólachtaí. Is é an príomhchúram atá ar Uisce Éireann córais phoiblí uisce agus fuíolluisce a oibriú agus a fheabhsú in Éirinn chun seirbhísí sábháilte, iontaofa agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil do chustaiméirí.
Is é an CRF rialálaí eacnamaíochta Uisce Éireann agus is í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) rialálaí comhshaoil Uisce Éireann.
Oibríonn an CRF mar rialálaí eacnamaíochta chun a chinntiú go ritear Uisce Éireann go héifeachtúil. Tá ról aige sna réimsí seo a leanas:
Custaiméirí a cheangal leis an líonra poiblí uisce agus fuíolluisce (Líonra Uisce Éireann). Tuilleadh eolais faoi cheangail uisce.
Úsáid iomarcach uisce ag custaiméirí Uisce Éireann (idir chustaiméirí tí agus chustaiméirí nach custaiméirí tí iad) agus muirir uisce agus fuíolluisce poiblí a rialú. Tuilleadh eolais faoi mhuirir uisce.
Tugann an CRF comhairle don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i dtaca leis an gcaoi a soláthraítear seirbhísí uisce. Oibríonn an CRF i gcomhar leis an GCC chomh maith agus cuireann sé seirbhís réitigh díospóidí ar fáil do chustaiméirí Uisce Éireann.
Tá tuilleadh faisnéise ag Uisce Éireann maidir le seirbhísí uisce don bhaile agus seirbhísí uisce don ghnó.
Faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996, ní mór do gach údarás áitiúil socruithe a dhéanamh maidir le bailiúchán dramhaíola tí ina cheantar féin. Ina theannta sin ní mór dóibh saoráidí a chur ar fáil chun dramhaíl tí a dhiúscairt agus a aisghabháil, nó socruithe a dhéanamh go gcuirfear ar fáil iad. Bailítear dramhaíl tí uair sa tseachtain de ghnáth, agus go hiondúil is oibritheoir príobháideach a bhailíonn. Bailíonn roinnt oibritheoirí cineálacha éagsúla dramhaíola le linn seachtainí éagsúla.
Is féidir an méid dramhaíola a fhágann tú amuigh lena bhailiú a laghdú – féach ‘Athchúrsáil agus múiríniú’ thíos.
Roimhe seo, ghearradh roinnt bailitheoirí dramhaíola muirear de réir meáchain as dramhaíl tí a bhailiú agus ghearradh roinnt bailitheoirí ráta comhréidh.
Fógraíodh creat nua maidir le muirir dramhaíola tí i mí an Mheithimh 2017. Faoi na socruithe nua, féadfaidh bailitheoirí dramhaíola raon roghanna praghsála a chur ar fáil, amhail buanmhuirir; muirir in aghaidh na tógála nó in aghaidh an chileagraim; muirir de réir an bhanda meáchain; muirir lamháltais meáchain; nó meascáin de na heilimintí sin.
Tá deireadh á chur de réir a chéile, áfach, le muirearú ar dhramhaíl ar ráta cuimsitheach comhréidh de réir mar a dhéanann custaiméirí athnuachan ar a gconarthaí seirbhíse nó de réir mar a théann siad i mbun conarthaí nua.
Tabharfar tacaíocht bhliantúil €75 isteach do dhaoine a bhfuil neamhchoinneálacht mhíochaine orthu go fadtéarmach nó ar feadh an tsaoil. Tá sé mar aidhm aige sin tacaíocht a thabhairt i dtaca leis an gcostas ar tháirgí neamhchoinneálachta a dhiúscairt. Tá mionsonraí na scéime sin á dtabhairt chun críche faoi láthair.
Ó bhí 2013 ann, tugadh sraith Rialachán isteach chun déileáil le diúscairt dramhaíola bia agus le diúscairt bithdhramhaíola. Áirítear leo sin Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dramhaíl Bia agus Bithdhramhaíl Tí) 2015. Mar chuid den tionscnamh céimnithe sin, tugadh araidí donna isteach de réir a chéile, ag tosú sna mórionaid daonra agus ag leathnú amach gach bliain chuig ionaid níos lú ó thaobh daonra de.
Le héifeacht ó mhí an Mheithimh 2017, tá siad á leathadh amach chuig an ngrúpa deireanach d’ionaid daonra – na hionaid sin ina bhfuil breis is 500 duine ina gcónaí. Ní chumhdófar oileáin bheaga agus ionaid atá an-bheag ó thaobh daonra de, áiteanna nach bhfuil sé praiticiúil dramhaíl bia a bhailiú ar leithligh.
Faoi na Rialacháin sin, ní mór do shealbhóirí tí ceann amháin díobh seo a leanas a dhéanamh maidir lena ndramhaíl bia:
Ní féidir mionbhristeoir a úsáid chun dramhaíl bia a phróiseáil, ná dramhaíl bia a chur sa bhailiúchán ginearálta dramhaíola.
Tá faisnéis úsáideach ar brownbin.ie, ar stopfoodwaste.ie agus ar epa.ie maidir le dramhaíl bia a dhiúscairt.
Úsáideann go leor bailitheoirí dramhaíola araid rothaí chun dramhaíl a bhailiú go sábháilte agus go héifeachtúil. Sá chás ina bhfuil córas araid rothaí i bhfeidhm i do cheantar, ní mór duit do dhramhaíl a thabhairt in araid rothaí nó ní bhaileofar í. Má úsáideann tú málaí bruscair, beidh ort clib réamhíoctha a cheangal le gach mála. Mura gcuirfidh tú clib le do bhruscar, ní bhaileofar é. Is féidir clibeanna a cheannach go hiondúil ó shiopaí áitiúla, ó gharáistí etc. Is féidir leis an oibritheoir bailiúcháin dramhaíola atá in úsáid agat liosta iomlán na ndíoltóirí a chur ar fáil.
Bíonn córas scartha dramhaíola i bhfeidhm ag formhór na mbailitheoirí dramhaíola. Go hiondúil, ní mór cineálacha éagsúla dramhaíola a chur i gcoimeadáin dhathchódaithe. Is samplaí den dathchódú iad: araidí donna le haghaidh dramhaíl ghairdín, dramhaíl bia agus dramhaíl inmhúirínithe eile; araidí glasa le haghaidh earraí athchúrsála; agus araidí dubha nó araidí liatha le haghaidh dramhaíl iarmharach. Cuirfidh an bailitheoir dramhaíola faisnéis mhionsonraithe ar fáil maidir lena dtéann i ngach araid.
Má tá méid mór dramhaíola le diúscairt agat, is féidir scipe bruscair a fháil ar cíos ó chuideachta phríobháideach báiliúcháin dramhaíola. Ina theannta sin is féidir dramhaíl thoirtiúil a thabhairt chuig ionad conláiste cathartha nó láithreán líonta talún. Cuireann roinnt údarás áitiúil bailiúcháin bulc-dhramhaíola ar fáil ó am go chéile agus déanfaidh siad fógraíocht faoi más rud é go bhfuil an tseirbhís ar fáil. Níor cheart earraí toirtiúla amhail cairpéid, troscán ná cuisneoirí a fhágáil amuigh don ghnáthbhailiúchán bruscair.
Is féidir cuid mhór de dhramhaíl tí a athchúrsáil. Ní mór d’údaráis áitiúla a áirithiú go bhfuil saoráidí leordhóthanacha ann le haghaidh athchúrsála. Bailíonn an chuid is mó d’oibritheoirí bailiúcháin earraí athchúrsála in araidí sainithe gach re seachtain.
Bealach úsáideach eile é múiríniú le dramhaíl tí a laghdú.
Seoltar cuid mhór den dramhaíl tí a tháirgtear in Éirinn go láithreáin líonta talún.
Féadfaidh éagsúlacht shuntasach a bheith ann i dtaca le muirir dhramhaíola agus modhanna íocaíochta. Seiceáil leis an oibritheoir bailiúcháin dramhaíola tí atá in úsáid agat maidir le sonraí ar a gcuid muirear.
Fógraíodh creat nua maidir le muirir dhramhaíola tí i mí an Mheithimh 2017.
Is féidir go leor cineálacha éagsúla dramhaíola a dhiúscairt saor in aisce in ionaid athchúrsála nó in ionaid conláiste cathartha. Féadfaidh roinnt ionad táille bheag iontrála a ghearradh, áfach. Féadfar go ngearrfar muirir ort i leith earraí amhail tochtanna nó cairpéid, nó cáinníochtaí atá thar a bheith mór.
Má bhaineann tú úsáid as láithreán líonta talún, tá táillí iontrála ann le haghaidh gluaisteán agus leantóirí. Is ar an ráta tráchtála a ghearrtar táillí ar veaineanna.
Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le muirir, seiceáil leis an ionad ábhartha nó leis an láithreán ábhartha líonta talún, nó seiceáil ar shuíomh gréasáin an údaráis áitiúil i do cheantar.
Tá an t-údarás áitiúil i do cheantar in ann comhairle a chur ort maidir le diúscairt dramhaíola agus saoráidí athchúrsála.
Cuireann an suíomh gréasáin repak.ie faisnéis ar fáil faoin dramhaíl a nglactar léi ag gach ionad athchúrsála nó ag gach ionad conláiste cathartha.
I mí Iúil 2015, tugadh córas náisiúnta postchóid isteach ar a dtugtar Éirchód.
Tugadh Éirchód uathúil nua do gach seoladh cónaithe agus seoladh gnó. Áirítear le seoltaí cónaithe gach seoladh a seachadtar post chuige. Tugadh Éirchód do gach teach atá ar shráid, gach árasán atá i mbloc árasán, gach aonad atá in aonad dhá urlár agus gach teach atá i mbaile fearainn tuaithe.
I láithreáin stad ina bhfuil bánna a bhfuil uimhreacha orthu, tugadh Éirchód do gach bá. Ní bhaineann an Éirchód leis an gcarbhán ach leis an mbá ina bhfuil sé. Sa chás ina mbogann carbhán nó teach soghluaiste ó bhá go bá, coinneoidh an bhá an Éirchód. Sa chás ina bhfuil oifig a fhaigheann post ar an láithreán stad, tabharfar Éirchód do sheoladh na hoifige.
Is éard is Éirchód ann ná cód uathúil 7-gcarachtar ina bhfuil idir litreacha agus uimhreacha. I ngach Éirchód bíonn eochair ródaithe 3-charachtar chun an ceantar a shainaithint agus aitheantóir uathúil 4-charachtar i gcomhair gach seolta, A65 F4E2, mar shampla.
Is ionann an eochair ródaithe agus na chéad trí charachtar den Éirchód. Litir a bhíonn sa chéad charachtar i gcónaí, agus bíonn dhá uimhir ann ina diaidh (seachas D6W). Níl aon nasc ag na litreacha le hainm contae ná le hainm cathrach, ach amháin i gcás postcheantar i mBaile Átha Cliath, ar aistríodh na cóid phoist a bhí acu cheana go formáid eochrach ródaithe amhail D03, D12 agus D22. Féadfaidh go leor bailte agus bailte fearainn an eochair ródaithe chéanna a úsáid.
Is grúpa 4-charachtar é an t-aitheantóir uathúil a thagann i ndiaidh na heochrach ródaithe. Tá gach aitheantóir uathúil éagsúil ó chéile agus bíonn ceann ar leith ag gach áit chónaithe nó áitreabh. Níl siad leagtha amach de réir seichimh. Is amhlaidh atá chun go seachnófar cás ina dtógfaí foirgneamh nua idir dhá fhoirgneamh atá ann cheana, sa tslí is go mbrisfí an cód seichimh, agus go mbeadh gá le gach Éirchód sa cheantar a athrú.
Is féidir Éirchód a aimsiú nó a sheiceáil trí úsáid a bhaint as an Aimsitheoir Éirchód.
Cuireann go leor cuideachtaí in Éirinn seirbhísí teileafóin ar fáil le haghaidh línte seasta agus fón póca araon. Cuireann gach soláthraí seirbhíse teileafóin pacáistí éagsúla ar fáil do chustaiméirí. Sula ndéanfaidh tú conradh teileafóin, smaoinigh go cúramach ar do chuid riachtanas agus cuir idir phragasanna agus phleananna i gcomparáid le chéile.
Cuireann uirlis chomparáide praghsanna ComReg ar do chumas muirir fón póca gach oibritheoir a chur i gcomparáid le chéile. Cuideoidh sé leat an pacáiste fón póca is fearr a roghnú, bunaithe ar d’úsáid phearsanta.
Go minic tugtar líne thalún nó teileafón baile ar líne sheasta. Ciallaíonn líne sheasta nach bhfuil an teileafón (nó an seastán i gcás teileafón gan sreang) saor ó shreanga ach go bhfuil nasc fisiciúil aige le pointe ar bhalla i do theach cónaithe. Cuireann go leor soláthraithe seirbhísí líne seasta ar fáil faoi láthair mar chuid de phacáiste (a dtugtar ‘cuach’ air chomh maith) in éineacht le hidirlíon baile, agus teilifís uaireanta.
Cuireann soláthraithe líonra mhóibíligh raon pleananna ar fáil (le fón nua nó gan fón nua san áireamh) lena n-áirítear líon áirithe glaonna ar fhóin phóca eile nó ar línte seasta, teachtaireachtaí téacs agus sonraí (ligeann sonraí duit an t-idirlíon a úsáid gan cheangal WIFI).
2 phríomhphlean a chuireann soláthraithe fón póca ar fáil:
Réamhíoc: Rogha íoc-mar-a-úsáidtear é seo ina gceannaítear creidmheas ó ionaid éagsúla díolacháin amhail siopaí, meaisíní bainc nó ar líne, agus ina gcuirtear breis creidmheasa ar an bhfón de réir mar is gá. Cuireann roinnt soláthraithe roghanna réamhíoc ar fáil lena n-áirítear glaonna, téacsanna agus sonraí. Ní gá duit conradh a dhéanamh agus tá cead agat líonraí a athrú ag am ar bith.
Íoc-bille: Ciallaíonn sé sin go bhfaigheann tú bille míosúil as na seirbhísí a d’úsáid tú le linn na míosa roimhe sin agus go n-íocann tú praghas socraithe. Maireann an conradh ó mhí go mí nó go ceann 12 go 24 mhí de ghnáth. Má sháraíonn tú do liúntas glaonna, téacsanna nó sonraí beidh ort tuilleadh a íoc. Má théann tú i mbun conradh íoc-bille, is leis an soláthraí líonra mhóibíligh a dhéanfaidh tú an conradh.
Tugtar rogha duit i bpleananna íoc-bille de ghnáth fón a cheannach d’aon iarraidh nó é a cheannach (saor in aisce nó ar phraghas atá laghdaithe go mór) mar chuid de chuach. Is féidir plean SIM-amháin a roghnú chomh maith ionas nach gá fón nua a fháil ach díreach clárú do chonradh míosúil íoc-bille le haghaidh glaonna, téacsanna agus sonraí.
Cuimsítear sa phlean go hiondúil:
Tá faisnéis mhionsonraithe ag ComReg maidir le raon topaicí faoi chonarthaí fón baile agus fón póca.
Tá tuilleadh comhairle ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí maidir le conarthaí fón póca.
Is féidir tuilleadh faisnéise maidir le seirbhísí teileafón líne seasta agus maidir le do chearta AE a fháil ag Your Europe.
In Éirinn, is é An Post a chuireann an tseirbhís náisiúnta poist ar fáil. Is é an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) a rialaíonn an earnáil phoist.
Ós é an rialálaí náisiúnta, áirithíonn ComReg:
Tá dualgas ar an soláthraí seirbhíse uilechoitinne seirbhísí áirithe a chur ar fáil. Cé go mbíonn soláthraithe seirbhíse poist eile ag oibriú in Éirinn, is ar An Post amháin atá dualgas maidir le seirbhísí ar leith a chur ar fáil.
Ó bhí 2010 ann tá seirbhísí ardráta fón á rialú in Éirinn ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg). Oibríonn ComReg go docht de réir Cóid Chleachtais, nach mór do sholáthraithe seirbhíse in Éirinn cloí leis.
Ina theannta sin tá sé de cheangal ar ComReg cosaint tomhaltóirí a chinntiú nuair a bheidh seirbhísí ardráta náisiúnta nó idirnáisiúnta in úsáid agus nósanna imeachta a chur in áit chomh maith chun déileáil le gearáin ó thomhaltóirí a eascraíonn as úsáid na seirbhísí sin.
Is ionann seirbhísí ardráta fón agus seirbhísí ar féidir leat íoc astu trí do chreidmheas fóin nó do bhille fóin a úsáid. Ciallaíonn ardráta go mbaineann costas níos mó le glao nó téacs a chur chuig na huimhreacha sin ná chuig uimhreacha eile. Is samplaí iad seo a leanas de sheirbhís ardráta fón:
Uaireanta tugtar Seirbhísí Faisnéise ar sheirbhísí ardráta fón agus baineann réamhuimhir uathúil 15 leo, amhail 1530 nó 1515, mar shampla.
Bíonn Seirbhísí Ardráta SMS ann chomh maith (ar a dtugtar PSMS) agus aithnítear iad seo trí Ghearrchód 5 dhigit a thosaíonn le huimhir a 5.
Is féidir teacht a bheith agat ar sheirbhísí ardráta trí fhóin líne seasta, trí fhóin phóca, tríd an idirlíon, trí uathdhiaileoirí ar ríomhairí pearsanta, trí theilifíseán idirghníomhach digiteach nó trí fhacs. Déantar fógraíocht faoi na seirbhísí sna meáin chlóite agus ar an teilifís, ar an raidió agus ar an idirlíon.
Bíonn costas níos mó ar ghlaonna ar sheirbhísí ardráta ná ar ghnáthghlaonna fóin agus baineann costas ar leith le gach réamhuimhir. Go hiondúil bíonn táillí níos airde ar ghlaonna ó fhóin phóca agus bíonn éagsúlacht sna costais ag brath ar an oibritheoir líonra mhóibíligh. Cuimseofar táillí glaonna ardráta i do bhille fóin agus liostófar leo féin iad go hiondúil. Roinntear an muirear iomlán a ghearrtar ar an gcustaiméir idir an oibritheoir líonra, an soláthraí seirbhísí agus aon pháirtí eile a chuidíonn chun an tseirbhís a chur ar fáil.
Más mian leat gach seirbhís ardráta a urchosc i dtaca le d’fhón, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an soláthraí seirbhíse teilfeafóin atá in úsáid agat. Cuireann roinnt soláthraithe seirbhíse fóin an tseirbhís sin ar fáil saor in aisce.
Más mian leat díliostáil le Seirbhís Ardráta SMS ba cheart duit:
Mura bhfuil uimhir 5 dhigit agat leis an teachtaireacht a sheoladh chuici, iarr ar an oibritheoir líonra fóin mhóibíligh an uimhir atá nasctha leis an teachtaireacht is deireanaí a fuair tú a roinnt leat. Ba cheart go mbeifeá díliostáilte laistigh de 48 uair i ndiaidh duit an focal STOP a sheoladh.
Tá tuilleadh faisnéise ag ComReg maidir le díliostáil le seirbhís téacs mar aon le cúnamh maidir le sonraí teagmhála an tsoláthraithe seirbhíse a aimsiú.
Ní mór duit ceadúnas teilifíse a bheith agat má tá teilifíseán agat atá in ann craolacháin teilifíse a fháil. Tá An Post freagrach as ceadúnais teilifíse a eisiúint agus táillí ceadúnais teilifíse a bhailiú.
€160 an táille bhliantúil ar cheadúnas teilifíse le haghaidh tithe cónaithe agus gnóthaí araon. Má tá tú os cionn 70, tá tú i dteideal ceadúnas teilifíse saor in aisce faoin bpacáiste Sochair Teaghlaigh.
Féadfar fíneáil suas go €1,000 (nó €2,000 i gcás cionta ina dhiaidh sin) a ghearradh ort mura bhfuil ceadúnas teilifíse agat.
Is féidir ceadúnas teilifíse a cheannach den chéad uair:
€160 an táille bhliantúil ar cheadúnas teilifíse le haghaidh tithe cónaithe agus gnóthaí araon.
Má a cheannaíonn tú ceadúnas teilifíse den chéad uair, beidh sé bailí go deireadh aon aonú mhí déag i ndiaidh na míosa ar eisíodh é. Dá n-eiseofaí ceadúnas i lár mhí Aibreáin, cuir i gcás, bheadh sé bailí go deireadh mhí an Mhárta na bliana dar gcionn. Nuair a dhéanfaidh tú athnuachan air ag deireadh na tréimhse sin, beidh an ceadúnas nua bailí go ceann 12 mhí.
Tá roghanna éagsúla ann le cuidiú leat a bheith nasctha leis an idirlíon agus teacht a bheith agat air i do theach cónaithe. Is minic go mbraithfidh an nasc idirlín ar féidir leas a bhaint as ar an áit ina bhfuil tú i do chónaí, ar an infreastruchtúr atá i bhfeidhm agus na soláthraithe seirbhíse a oibríonn i do cheantar.
Sula rachaidh tú i mbun conradh idirlín, ba cheart duit taighde a dhéanamh maidir leis an luas leathanbhanda agus an nasc leathanbhanda atá ag teastáil agus maidir leis an tseirbhís atá á cur ar fáil ag an soláthraí seirbhísí idirlín (ISP).
Cuireann an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) faisnéis ar fáil maidir le seirbhísí idirlín agus cuireann sé ar do chumas muirir ar sheirbhísí idirlín agus ar chomhphacáistí ó gach oibritheoir a chur i gcomparáid le chéile. Féadfaidh an suíomh sin a bheith mar chúnamh duit an pacáiste is fearr a roghnú, bunaithe ar do riachtanais idirlín.