Tá Straitéis Sláinte Ceirde i bhfeidhm mar acmhainn thacúil do mhúinteoirí agus do chúntóirí riachtanas speisialta agus d’oifigigh chléireachais agus d’fheighlithe atá fostaithe i mBunscoileanna faoi Scéim 1978/79 agus d’oifigigh chléireachais atá fostaithe in Iar-bhunscoileanna faoi Scéim 1978.
Is é aidhm na straitéise seo sláinte fostaithe a chur chun cinn ina n-ionad oibre, ag díriú go príomha ar chosc seachas leigheas. Is é atá sa Straitéis Sláinte Ceirde ná an Clár Cúnaimh agus Folláine d’Fhostaithe (EAWP) agus an tSeirbhís Sláinte Ceirde (OHS).
Tá an tSeirbhís Sláinte Ceirde i bhfeidhm chun comhairle sláinte ceirde a thabhairt d’fhostóirí maidir le measúnuithe leighis réamhfhostaíochta agus maidir le feidhmiúlacht leighis fostaí chun oibre faoi théarmaí agus coinníollacha na Scéime Saoire Breoiteachta.
Tá an Fostóir, Medmark Limited, ar Soláthraí na Seirbhíse Sláinte Ceirde é, agus an Roinn Oideachais ina Rialaitheoirí Comhpháirteacha Sonraí a mhéid a bhaineann le próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta agus ar shonraí pearsanta catagóire speisialta i ndáil leis an tSeirbhís Sláinte Ceirde. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an ciorclán thíos.
Is féidir leat:
An Lámhleabhar Nósanna Imeachta d’Fhostóirí - An tSeirbhís Sláinte Ceirde do Mhúinteoirí
An Lámhleabhar Nósanna Imeachta d’Fhostóirí An tSeirbhís Sláinte Ceirde do Mhúinteoirí Meán Fómhair 2019
Lámhleabhar Nósanna Imeachta Fostóirí - Seirbhís Sláinte Ceirde do Chúntóirí Riachtanas Speisialta
Lámhleabhar Nósanna Imeachta Fostóirí - Seirbhís Sláinte Ceirde do Chúntóirí Riachtanas Speisialta Deireadh Fómhair 2019
Employers Procedures Manual - Occupational Health Service for Clerical Officers and Caretakers
July 2014