Tá ceithre chatagóir teagasc baile i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais:
Tá an scéim seo ceaptha dóibh seo a leanas:
Léigh Ciorclán 0050/2024 Scéim Deontais um Theagasc Baile 2024/2025 - Comhpháirt Oideachais Speisialta le haghaidh eolais i dtaca leis an scéim seo agus sonraí faoi chritéir incháilitheachta.
Comhlánaigh an fhoirm iomchuí thíos:
Is beart oideachais sealadach é seo do leanbh:
• nach bhfuil áit scoile aige/aici go sealadach, nó
• nach bhfuil tairiscint áite scoile aige/aici, agus
• atá ag lorg áit go gníomhach i scoil atá aitheanta ag an Roinn
Léigh Ciorclán 60/2024 chun faisnéis a fháil faoin scéim seo agus chun mionsonraí a fháil faoi na critéir incháilitheachta.
Tá foirmeacha iarratais don Scéim Teagasc Baile do Leanaí nach bhfuil Áit Scoile acu ar fáil ón Oifigeach áitiúil Leasa Oideachais. Gheobhaidh tú mionsonraí teagmhála don Oifigeach Leasa Oideachais ar shuíomh Gréasáin TUSLA. .
Léigh Ciorclán 0062/2024 chun faisnéis a fháil faoin scéim seo agus chun mionsonraí a fháil faoi na critéir incháilitheachta.
Tá foirmeacha iarratais don Scéim Teagasc Baile do Leanaí faoi Chúram ar fáil ón oibrí sóisialta ceaptha.
Tá an scéim seo ceaptha chun teagasc baile a sholáthar do dhaltaí i scoil aitheanta ar an leibhéal iar-bhunscoile, sa tsraith shóisearach nó sa tsraith shinsearach, agus a bhfuiltear ag cur isteach ar a hoideachas de bharr toirchis.
Léigh 0061/2024 chun faisnéis a fháil faoin scéim seo agus chun mionsonraí a fháil faoi na critéir incháilitheachta.
Comhlánaigh an fhoirm thíos:
Iarratas ar Theagasc Baile do Dhaltái atá ar Neamhláithreachtaí a bhaineann le Máithreachais 2024-25
Agus í á cur isteach tríd an ríomhphost sa chás is fearr, seol an fhoirm iarratais chomhlánaithe chuig: hometuitionapprovals@education.gov.ie
Nó, mar mhalairt air sin, tríd an bpost chuig:
Tabhair faoi deara : Níl an Rannóg um Dheontais Riachtanas Speisialta agus Deontais Teagaisc in ann ceisteanna a ghlacadh thar an teileafón faoi láthair. Ba cheart gach ceist a chur ar aghaidh chuig htpayments@education.gov.ie .
Rinneadh athbhreithniú ar rátaí na ndeontas teagaisc baile páirtaimseartha in aghaidh na huaire le héifeacht ón 01 Deireadh Fómhair 2024 faoi na gComhaontú Seirbhísí Poiblí 2024-2026.
Sa chás seo, rinne an comhaontú foráil do na nithe seo a leanas:
• Méadú 1% ón 01 Deireadh Fómhair 2024
Tá tuilleadh eolais maidir leis an méadú pá nua a deonaíodh in 2023 faoin gcomhaontú ar fáil i gCiorclán 0073/2024 na Roinne Oideachais — Athbhreithniú ar Thuarastail Múinteoirí faoin gComhaontú Seirbhísí Poiblí 2024-2026; Cur i bhfeidhm na gcoigeartuithe pá atá dlite an 1 Deireadh Fómhair 2024.
Rinneadh athbhreithniú freisin ar rátaí deontas teagaisc baile páirtaimseartha in aghaidh na huaire le héifeacht ón 01 Meitheamh 2024 faoi na gComhaontú Seirbhísí Poiblí 2024-2026.
Sa chás sin, rinne an comhaontú foráil do na nithe seo a leanas:
• Méadú 1% ón 01 Meitheamh 2024
Tá tuilleadh eolais maidir leis an méadú pá nua a deonaíodh in 2023 faoin gcomhaontú ar fáil i gCiorclán 0043/2024 na Roinne Oideachais — Athbhreithniú ar Thuarastail Múinteoirí faoin gComhaontú Seirbhísí Poiblí 2024-2026; Cur i bhfeidhm na gcoigeartuithe pá atá dlite an 1 Meitheamh 2024
Is iad seo a leanas na rátaí d’íocaíochtaí teagaisc baile:
Rátaí | Meitheamh 2024 | Deireadh Fómhair 2024 |
Bunráta Cáilithe | € 48.23 ráta in aghaidh na huaire | € 48.72 ráta in aghaidh na huaire |
Ráta Cáilithe Iar-bhunscoile | € 53.02 ráta in aghaidh na huaire | €53.55 ráta in aghaidh na huaire |
Ráta athraithe | €40.72 ráta in aghaidh na huaire | € 41.27 ráta in aghaidh na huaire |
Déanann an Roinn seo íocaíochtaí um theagasc baile go díreach chuig an teagascóir ceadaithe ag feidhmiú thar ceann an tuismitheora/chaomhnóra dlíthiúla nuair a fhaightear foirm éilimh íocaíochta. Tá eolas mionsonraithe agus na foirmeacha éilimh ar fad atá de dhíth liostaithe thíos:
Nóta: Sa chás ina bhfostaíonn TUSLA teagascóir, déantar íocaíocht go díreach le TUSLA
Fiosruithe i dtaca le híocaíocht do theagascóirí teagasc baile ceadaithe:
Fiosruithe i dtaca le deimhniú creidmheasa cánach do theagascóirí baile a iarraidh/fheidhmiú: