Liúntas Cuardaitheora Poist agus Ealaíontóirí Gairmiúla
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat agus is ealaíontóir gairmiúil thú, is féidir Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil fós má chomhlíonann tú na coinníollacha don íocaíocht. Tá tú díolmhaithe ó pháirt a ghlacadh i gclár gníomhachtúcháin na roinne ar feadh bliain amháin. Ciallaíonn sé seo go mbeidh tú in ann díriú ar do chuid oibre ealaíonta ar feadh bliain amháin.
Chun an díolúine clár gníomhachtúcháin seo a fháil, ní mór duit:
Eagraíochtaí | Deimhnithe | Gairmithe na Foirme Ealaíne |
---|---|---|
Amharc-ealaíona | Amharc-ealaíontóirí | Amharc-ealaíona Éireann |
Amharclann | Aisteoirí | Actors Equity/CSTGT |
Amharclann | Dearthóirí Feistis | Actors Equity/CSTGT |
Amharclann | Stiúrthóirí Amharclannaíochta | Actors Equity/CSTGT |
Amharclann | Dearthóir Seit | Actors Equity/CSTGT |
Amharclann | Dearthóir Stáitse | Actors Equity/CSTGT |
Litríocht | Scríbhneoirí | Áras Scríbhneoirí na hÉireann |
Ceol | Ceoltóirí lena n-áirítear ceol traidisiúnta, popcheoil agus rac-cheol | Ceardchumann Ceoltóirí Éireann/CSTGT |
Damhsa | Damhsóirí | Damhsa Éireann |
Damhsa | Cóiréagrafaithe | Damhsa Éireann |
Ceoldráma | Cumadóirí | Ceardchumann Ceoltóirí Éireann/CSTGT |
Scannán | Aisteoirí | Actors Equity/CSTGT |
Scannán | Scríbhneoirí Scripte Scannáin | Cuallacht Scríbhneoirí na hÉireann |
Scannán | Stiúrthóirí Scannán | Cuallacht Stiúrthóirí Scáileáin na hÉireann |
Sorcas | Taibheoirí Sráide | Líonra Ealaíona, Sorcais & Seó na hÉireann |
Mar sin féin, ní mór duit na coinníollacha cáilithe le haghaidh Liúntas Cuardaitheora Poist a shásamh fós - mar shampla: ar fáil le haghaidh obair lánaimseartha agus ag lorg oibre i ndáiríre, chun leanúint ar aghaidh ag fáil íocaíochta.
Déanfar tástáil mhaoine ort mar dhuine féinfhostaithe, agus tú á measúnú don scéim seo.
Ní mór do 50% de d’ioncam ón mbliain roimhe sin ar a laghad a bheith tagtha ó do chuid oibre mar ealaíontóir gairmiúil.
Ní liosta uileghabhálach é seo:
Ba cheart duit d’Ionad Intreo áitiúil nó d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil a chur ar an eolas chomh luath agus atá tú i do bhall de cheann de na heagraíochtaí gairmiúla deimhniúcháin atá liostaithe.
Beidh ort an méid seo a leanas a chur ar fáil:
Féadfaidh tú d’íocaíocht sheachtainiúil Liúntas Cuardaitheora Poist a bhailiú ón Oifig Phoist is gaire duit. Ní mór duit aitheantas grianghraif bailí a thabhairt leat chun d’íocaíocht a bhailiú.
Is foirmeacha bailí aitheantais grianghraif iad ceann ar bith de na roghanna seo a leanas:
Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat cheana féin agus má cheapann tú go bhféadfá a bheith incháilithe don scéim seo, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’Ionad Intreo áitiúil nó le d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh.
Sna treoirlínte oibríochtúla, déantar cur síos ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.