An Scéim Saoire Cúramóra do Mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é is Saoire Cúramóra ann ná cineál ceada neamhláithreachta reachtúil a mhaireann 104 seachtaine ar a mhéad, áit a dtugtar tréimhse saoire neamhíoctha do mhúinteoir/do chúntóir riachtanas speisialta chun go mbeidh sé/sí in ann cúram agus aire lánaimseartha a thabhairt do dhuine iomchuí. Is ionann duine iomchuí agus duine a measann an Roinn Coimirce Sóisialaí go dteastaíonn an leibhéal cúraim sin uaidh/uaithi.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, , féach an Scéim Saoire Cúramóirí atá i gCiorclán 0054/2019 dar teideal “Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Ciorclán 0033/2023 dar teideal “An Scéim Saoire Cúramóra do Chúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Ní mór do mhúinteoir iarratas a dhéanamh ach úsáid a bhaint as Foirm CARB1 ón Roinn Coimirce Sóisialaí . Tar éis é a cheadú, ní mór dó/di an Fhoirm Iarratais in Aguisín A a ghabhann leis an Scéim Saoire Cúramóra i gCiorclán 0054/2019 a chomhlánú agus í a sheoladh chuig a f(h)ostóir sé seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe beartaithe.
Ní mór do chúntóir riachtanas speisialta iarratas a dhéanamh ach úsáid a bhaint as Foirm CARB1 ón Roinn Coimirce Sóisialaí Tar éis é a cheadú, ní mór dó/di an Fhoirm Iarratais in Aguisín A a ghabhann le Ciorclán 0033/2023 a chomhlánú agus í a sheoladh chuig a f(h)ostóir sé seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe beartaithe.