Scéim Sos Gairme do Mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanais Speisialta (CRSanna)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is éard is Sos Gairme ann ná tréimhse saoire speisialta gan phá nach lú ná 1 scoilbhliain amháin ar a laghad. Is féidir síneadh a chur leis ar bhonn bliantúil mura bhfuil tréimhse iomlán don Sos Gairme níos faide ná 5 bliana ag aon tráth ar leith, agus uasmhéid 10 mbliana le linn ghairmréim múinteora/CRS.
Is é príomhaidhm na Scéime Sos Gairme ná forbairt phearsanta agus ghairmiúil múinteora a éascú sna réimsí seo a leanas:
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan tagairt don Scéim Sos Gairme atá i gCiorclán 0054/2019 dar teideal “Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus i mBunscoileanna Aitheanta”.
Mar fhreagairt ar cheisteanna a ardaíodh maidir le soláthar múinteoirí, tá srianta áirithe a cuireadh i bhfeidhm ar an Scéim Sos Gairme curtha ar fionraí le roinnt blianta anuas. Tá na srianta seo ar fionraí freisin don scoilbhliain 2024/25. Féadfar múinteoir atá ar Shos Gairme a fhostú, mar ionadaí amháin, gan na srianta atá leagtha síos sa Scéim Sos Gairme mar atá i gCaibidil 7 (Alt 8.1) de Chiorclán 54/2019. Chun sonraí breise a fháil, féach Nóta Faisnéise TC/IN 0009/2024
Cruthaíonn an Scéim Sos Gairme rogha do CRSanna leas a bhaint as saoire neamhláithreachta ón scoil, gan phá, do thréimhse 1 bhliain amháin ar a laghad.
Áirítear le cuspóirí na scéime seo:
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim Sos Gairme do CRSanna féach ar na ciorcláin seo a leanas:
Ní mór do mhúinteoir an Fhoirm Iarratais ar leathanach 113 de Chiorclán 0054/2019 a chomhlánú. Ní mór é a chur isteach chuig a f(h)ostóir faoin 1 Feabhra de gach scoilbhliain sa scoilbhliain sular mian leis/léi sos gairme a thosú nó síneadh a chur leis.
Ní mór do chúntóirí riachtanas speisialta a bhfuil sos gairme á éileamh acu litir iarratais a chur isteach chuig a bhfostóir faoin 1 Márta de gach scoilbhliain sa scoilbhliain sular mian leo an sos gairme a thosú nó síneadh a chur leis.