Amharc ar Léarscáileanna, ar Thuarascálacha agus ar Shonraí Mianadóireachta agus Sirtheoireachta Mianraí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann sealbhóirí ceadúnais tuarascálacha agus sonraí taiscéalaíochta isteach maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoi cheadúnas sirtheoireachta. Coimeádtar na tuarascálacha agus na sonraí sin faoi rún go ceann sé bliana nó go dtabharfar suas an ceadúnas, cibé acu is luaithe. I ndiaidh sé bliana nó i ndiaidh ceadúnas a bheith tugtha suas, cuirtear na sonraí amach go poiblí trínár Amharcóir Léarscála agus trí bhunachar sonraí inchuardaithe.
Taispeánann an t-amharcóir idirghníomhach léarscáile stádas reatha thalamh Ceadúnais Sirtheoireachta, sonraí poill druileála, srianta comhshaoil, sonraí atá ar fáil go poiblí agus mar a bhfuil sonraí suirbhéanna geoifisiceacha aeriompartha ar fáil. Cuir ríomhphost chuig emd.info@dccae.gov.ie chun sonraí geoifisceacha aeriompartha a iarraidh.
I mí an Mhárta 2017, cuireadh sonraí mianaigh ó mhianaigh Ghabhalmhaí agus ó mhianaigh an Lisín ar fáil go poiblí. Cuireadh sonraí seismeacha a fuair cuideachtaí sirtheoireachta mianraí le roinnt blianta anuas ar fáil go poiblí chomh maith.
I mí Bealtaine 2020, d’fhoilsigh Rannán Taiscéalaíochta agus Mianadóireachta na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide measúnú neamhspleách maidir le mianaigh Ghabhalmhaí agus an Lisín, inar rinneadh measúnú ar thionchar na mianach ar na pobail áitiúla a bhaineann leo ó thaobh gnéithe sóisialta, ó thaobh an chomhshaoil agus ó thaobh na heacnamaíochta de.