Scéim Deontais um Chomhairle Chaomhnaithe do Thithe Traidisiúnta Folmha
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is scéim mhaoinithe leathnaithe í an Scéim Deontais um Chomhairle Chaomhnaithe do Thithe Traidisiúnta Folmha chun deontais le haghaidh sainchomhairle chaomhnaithe a sholáthar d'úinéirí tithe traidisiúnta atá ag baint leasa as an Deontas um Athchóiriú Réadmhaoine Folmha, nó atá ag smaoineamh ar an Deontas sin.
Cuireann an Scéim Deontais um Chomhairle Caomhantais deontais ar fáil chun 67% de na costais (suas le huasdeontas €5,000) a bhaineann le saineolaí caomhantais a bhfuil saineolas cruthaithe agus cuí aige/aici a chlúdach:
Cuimseoidh an chomhairle shaineolach seo tuarascáil a thabharfaidh breac-chuntas ar riocht an fhoirgnimh agus a shainaithneoidh feabhsuithe caomhnaithe a chuirfeadh ar ais in úsáid é agus ag in am céanna a chuirfeadh lena charachtar, a éifeachtúlacht fuinnimh, a shláine agus a thaitneamhacht.
Tacaíonn an Scéim Deontais um Chomhairle Caomhantais le hathchóiriú réadmhaoine faoi dhá shruth.
Tá Sruth 1 den scéim oscailte d’úinéirí tithe traidisiúnta folmha i sráidbhailte, i mbailte agus i gcathracha ina bhfuil an foirgneamh ina Struchtúr Cosanta agus/nó ina struchtúr stairiúil laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta.
Cáilíonn tithe cónaithe agus foirgnimh thráchtála don scéim nuair is mar áit chónaithe aonair nó mar áit chónaithe aonair thar shiopa atá an úsáid bheartaithe.
Tacaíonn an scéim seo le haidhmeanna an Bheartais Tús Áite do Lár an Bhaile agus Tithíocht do Chách.
Chun críocha na scéime, tagann na sainmhínithe ar shráidbhailte, bhailte agus chathracha ó liosta bailte an Phríomh-Oifig Staidrimh a úsáidtear chun sonraí a thiomsú faoi Dhaonáireamh 2022.
Tá Sruth 2 den scéim oscailte d’úinéirí Tithe Feirme Traidisiúnta Folamh ina a bhfuil an foirgneamh ina Struchtúr Cosanta agus/nó ina theach feirme stairiúil suite laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta agus/nó teach feirme dúchasach nach bhfuil aon chosaint reachtúil aige.
Is éard atá i dtithe feirme dúchasacha ná tithe measartha a thóg ‘gnáth’ daoine de réir traidisiúin tíre fadbhunaithe, ag baint úsáide as ábhair mar:
Cuidíonn an Deontas um Athchóiriú Réadmhaoin Folmha le réadmhaoine folmha agus tréigthe a thabhairt ar ais in úsáid. Tá sé ar fáil le haghaidh athchóiriú:
Soláthraíonn an Deontas um Athchóiriú Réadmhaoine Folmha deontas de:
Tá eolas faoin Deontas um Athchóiriú Réadmhaoine Folmha ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Ní mór do réadmhaoine a bheith folamh ar feadh dhá bhliain nó níos mó agus tógtha tráth nach déanaí ná 2007.
Ní mór duit iarratas a dhéanamh faoi 5pm an 31 Iúil 2024 . Tá an fhoirm iarratais agus na cáipéisí treorach le fáil thíos.
Seol aon cheist faoin scéim chuig conservationadvicegrants@housing.gov.ie
Coiste Struchtúir Stairiúla - Scéim um Chomhairle Caomhantais - Foirm Iarratais
Coiste Struchtúir Stairiúla - Scéim um Chomhairle Caomhantais - Foirm Iarratais (pdf)
Ciste Struchtúir Stairiúla - Sruth 1: An Scéim um Chomhairle Caomhantais maidir le Tithe Traidisiúnta Folmha i mBailte 2024 - Leabhrán Treorach
Historic Structures Fund - Stream 1 Conservation Advice Scheme for Vacant Traditional Houses in Towns - Report Template (word)
Historic Structures Fund - Stream 1 Conservation Advice Scheme for Vacant Traditional Houses in Towns - Report Template (pdf)
Ciste Struchtúir Stairiúla - Sruth 2 An Scéim um Chomhairle Caomhantais maidir le Tithe Feirme Traidisiúnta Folmha 2024 - Leabhrán Treorach
Historic Structures Fund - Stream 2 Conservation Advice Scheme for Vacant Traditional Farmhouses 2024 - Report Template (word)