Is cineál Sochair Cuardaitheora Poist í Tacaíocht Obair Ghearr-ama. Is íocaíocht tacaíochta ioncaim í d'fhostaithe ar chuir a bhfostóir ar sheachtain oibre níos giorra iad ar bhonn sealadach.
Mar shampla, má laghdaíodh do sheachtain oibre ó phatrún 5 lá oibre go patrún 3 lá oibre, d'fhéadfá íocaíocht Tacaíochta Obair Ghearr-ama a fháil don 2 lá oibre a cailleadh.
Chun cáiliú do Thacaíocht Obair Ghearr-ama, ní mór duit:
Ní dhéantar tástáil acmhainne ar Thacaíocht Obair Ghearr-ama.
Mura bhfuil go leor ranníocaíochtaí ÁSPC agat chun cáiliú don Tacaíocht Obair Ghearr-ama, d'fhéadfá a bheith incháilithe do Liúntas Cuardaitheora Poist, ar íocaíocht de réir tástála acmhainne í.
Braithfidh fad d'incháilitheachta agus do ráta íocaíochta ar:
Mar shampla, má chuirtear ar phatrún 3 lá oibre thú tar éis duit 5 lá oibre a shaothrú roimhe seo, d'fhéadfá a bheith i dteideal suas le €97.60 don 2 lá oibre nach mbíonn tú ar do shaothrú a thuilleadh. Is ionann é seo agus dhá chúigiú den uasráta seachtainiúil de Shochar Cuardaitheora Poist €244.
Léirítear sa tábla seo a leanas na huasrátaí íocaíochta atá ar fáil:
Laethanta fostaíochta caillte | Ráta duine aonair | Ráta lánúin gan leanaí | Ráta lánúin le beirt leanbh os cionn 12 | Ráta lánúin le triúr leanbh (beirt os cionn 12, leanbh amháin faoi 12) | Ráta lánúin le ceathrar leanbh (beirt os cionn 12, beirt faoi 12) |
2 | €97.60 | €162.40 | €212 | €232 | €252 |
3 | €146.40 | €243.60 | €318 | €348 | €378 |
4 | €195.20 | € 324.80 | €424 | €464 | €504 |
Féadfaidh tú ráta méadaithe íocaíochta a fháil freisin do dhuine fásta cáilithe agus do leanaí cáilithe.
Níl Tacaíocht Obair Ghearr-ama incháinithe.
Íoctar Tacaíocht Obair Ghearr-ama ar feadh 234 lá ar a mhéad, rud atá ag brath ar líon na Ranníocaíochtaí ÁSPC a d'íoc tú.
Is é an bealach is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar Thacaíocht Obair Ghearr-ama ná ar MyWelfare.ie.
Má chomhlánaíonn tú d'fhoirm ar líne, is féidir leat an fhoirm UP80 atá comhlánaithe ag d'fhostóir a sheoladh isteach.
Is féidir le fostaithe iarratas a dhéanamh freisin ar Thacaíocht Obair Ghearr-ama ag a nIonad Intreo áitiúil nó ag a nOifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.
Ba chóir duit iarratas a dhéanamh a luaithe a bheidh do laethanta laghdaithe nó d'fhéadfá roinnt íocaíochta a chailleadh.
Beidh na cáipéisí seo a leanas ag teastáil uait le cois na foirme iarratais chun iarratas a dhéanamh:
Ní mór do d'fhostóir an fhoirm thíos a chomhlánú freisin:
Dearbhú Fostóra maidir le Fostaíocht Ócáideach/ Pháirtaimseartha/Ghearrthéarmach (UP80)
Lúnasa 2021 - UP80
Ní mór duit na laethanta fostaíochta agus dífhostaíochta a chur in iúl dúinn le haghaidh gach seachtain a bhfuil tú ar phatrún oibre laghdaithe.
Is féidir leat na laethanta a mbíonn agus nach mbíonn tú ar do shaothrú a dhearbhú anois ar líne ar www.MyWelfare.ie Ciallaíonn sé seo nach mbeidh ort duillíní páipéir a chur isteach gach seachtain chuig d'Ionad Intreo/d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.
Féach ar ár dtreoirleabhar maidir le deimhniúchán ar líne d'obair pháirtaimseartha/shealadach chun a thuilleadh eolais a fháil.
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann baill foirne sa roinn agus iad i mbun a gcuid oibre: