Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá d’íocaíocht leasa shóisialaigh comhdhéanta de mhéid seachtainiúil duit féin, ar a dtugtar an ráta pearsanta.
Féadfaidh tú méid breise a fháil freisin do do chleithiúnaí aosaithe ar a dtugtar Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe (IQA). Is gnách do chéile nó do pháirtnéir sibhialta cleithiúnaí aosaithe.
Má tá leanaí cleithiúnacha agat is féidir go bhfaighidh tú Méadú do Leanbh Cáilithe (IQC).
Chun Méadú um Dhuine Fásta Cáilithe (IQA) a fháil, ní mór duit íocaíocht phearsanta leasa shóisialaigh a fháil.
Níor cheart go mbeadh íocaíocht leasa shóisialaigh ina c(h)eart féin ag do chleithiúnaí aosaithe ach amháin i gcás:
Ní bhaineann an Coinníoll Gnáthchónaithe le méaduithe do chleithiúnaithe cáilithe (céilí, páirtnéirí sibhialta, comhchónaitheoirí nó leanaí). Ciallaíonn sé seo nach gcaithfidh cleithiúnaithe an coinníoll gnáthchónaithe a shásamh ina gceart féin.
De ghnáth ní bhíonn MCC iníoctha thar ceann céile nó páirtnéir sibhialta atá as láthair ón Stát nó sa phríosún. Mar sin féin is féidir le héilitheoirí, Sochar Cuardaitheora Poist éileamh a dhéanamh ar IQA do chleithiúnaí aosaithe a chónaíonn i stát LEE eile má chomhlíonann an duine fásta cleithiúnach na critéir.
Don chuid is mó d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh ní féidir le do chleithiúnaí aosaithe olltuilleamh nó ollioncam seachtainiúil (roimh asbhaintí cánach agus ÁSPC) de níos mó ná €310 a bheith aige nó aici. Má thuilleann do chleithiúnaí aosaithe níos lú ná €100 gheobhaidh tú Méadú iomlán um Dhuine Fásta Cáilithe (IQA). Má thuilleann do chleithiúnaí aosaigh idir €100 agus €310 gheobhaidh tú ráta laghdaithe IQA (ar a dtugtar ráta barrchaolaithe de IQA uaireanta). Má tá do chleithiúnaí aosaigh ag tuilleamh níos mó ná €310, ní bhfaighidh tú IQA. Is féidir leat a fháil amach cad é an ráta barrchaolaithe de IQA do d'íocaíocht i Leabhrán SW19 (Rátaí Íocaíochta).
Tá na rialacha difriúil maidir le Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP), Liúntas Míchumais (LM) agus Cúnamh Feirme (FA). Maidir leis na híocaíochtaí seo déantar ioncam do theaghlaigh a mheas sa tástáil acmhainne. Baintear d’acmhainn iomlán teaghlaigh ansin ón íocaíocht uasta (is é seo an ráta pearsanta lena n-áirítear aon mhéaduithe do chleithiúnaithe aosaithe agus leanaí) chun an méid iarbhír LCP, LM nó FA a bhfuil tú i dteideal a fháil.
Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh ag do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir (féach ar na heisceachtaí thuas) ina gceart féin nó má tá sé/sí ar chúrsa FET nó VTOS agus ag fáil liúntais ina c(h)eart féin, ní féidir leat IQA a fháil ar a shon ach is féidir leat méadú leathráta a fháil do gach leanbh cáilithe.
Má tá tú scartha ach go dtugann tú íocaíocht chothabhála sheachtainiúil ar a laghad €154.00 in aghaidh na seachtaine do do chéile nó do pháirtnéir sibhialta (mar a chéile leis an ráta reatha IQA do Liúntas Cuardaitheora Poist) is féidir leat IQA a fháil le d’íocaíocht leasa shóisialaigh phearsanta. Níor cheart go mbeadh do chéile nó do pháirtnéir sibhialta ag comhchónaí le duine eile. Chun an ráta iomlán IQA a fháil ní mór nach mbeadh ioncam seachtainiúil os cionn €100 ag do chéile nó do pháirtnéir sibhialta gan cothabháil a áireamh. Má tá ioncam idir €100 agus €310 ag do chéile nó do pháirtnéir sibhialta féadfaidh tú ráta laghdaithe IQA a fháil. Níl aon rátaí laghdaithe IQA do JA, DA agus FA (féach thuas).
Má tá tú singil, i do bhaintreach, colscartha, scartha, i d’iarpháirtnéir sibhialta nó mura bhfuil tú i do chónaí le do pháirtnéir sibhialta, agus i do chónaí le duine atá 16 bliana d’aois nó níos sine nach bhfuil ioncam seachtainiúil aige/aici os cionn €100, is féidir leat méadú a éileamh ar a son má tá sé nó sí ag tabhairt aire do do leanbh atá ag brath ort.
Má tá ioncam aige nó aici idir €100 agus €310 is féidir go bhfaighidh tú ráta laghdaithe IQA. Má tá tú scartha nó mura bhfuil tú i do chónaí le do pháirtnéir sibhialta, ní mór duit a bheith i do chónaí le do chéile nó do pháirtnéir sibhialta nó a bheith á chothabháil go hiomlán ag do chéile. Níl aon rátaí laghdaithe IQA do JA, DA agus FA (féach thuas).
Má tá íocaíocht cúnaimh shóisialaigh (de réir tástála acmhainne) á fáil agat, déantar ioncam do chleithiúnaí aosaigh a mheas sa tástáil acmhainne le haghaidh d’íocaíochta. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi mheasúnú acmhainn lánúine le haghaidh íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh.
Tá íocaíochtaí árachais shóisialaigh bunaithe ar ranníocaíochtaí ÁSPC agus mar sin ní dhéantar tástáil acmhainne ar d’íocaíocht. Más mian leat éileamh a dhéanamh ar son cleithiúnaí, áfach, déanfar measúnú ar a n-ioncam. Déantar ioncam cleithiúnaí aosaithe a mheasúnú le haghaidh íocaíochtaí árachais shóisialaigh mar seo a leanas:
Déantar meánioncam seachtainiúil do chéile, do pháirtnéara sibhialta nó do chomhchónaitheora ó fhostaíocht nó ó fhéinfhostaíocht a mheasúnú (déantar measúnú ar an ollioncam seachtainiúil, ní cheadaítear aon asbhaintí le haghaidh cánach, ranníocaíochtaí ÁSPC nó speansais phearsanta). Má íoctar é ar bhonn míosúil, ríomhtar an meánioncam seachtainiúil thar an dá mhí roimhe sin. Má íoctar é nó í go seachtainiúil nó go coicísiúil, úsáidtear an meán seachtainiúil thar na sé seachtaine roimhe sin.
Maidir le féinfhostaíocht roinntear an t-ioncam a fuarthas sa bhliain chánach chríochnaithe deiridh ar 52 chun an meánioncam seachtainiúil a fháil.
Tá ioncam ó chaipiteal, mar shampla, maoin, coigilteas agus infheistíochtaí, san áireamh sa tástáil mhaoine. Má shealbhaíonn tú féin agus do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir caipiteal i gcomhpháirt, measúnaítear leath den luach mar gur le do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir é.
Má tá an réadmhaoin faoi chomhúinéireacht nó ag do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir amháin, déantar measúnú ar ioncam cíosa na réadmhaoine chun Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe a íoc le d’íocaíocht árachais shóisialaigh. Mar sin féin, déanfar an luach caipitil a mheas mura bhfuil an réadmhaoin ar cíos.
Áirítear le hioncam ó fhoinsí eile ioncam cíosa ó ligean ar cíos maoine, ioncam ó phinsean ceirde, íocaíochtaí leasa shóisialaigh eachtracha, ioncam ó chiste iontaobhais, ioncam faoi ghníomhas cúnaint, ioncam airgid thirim eile.
Ríomhtar é ar bhonn seachtainiúil. Ní chuirtear roinnt íocaíochtaí leasa shóisialaigh san áireamh mar ioncam lena n-áirítear Sochar Linbh Liúntas Cúraim Baile agus Liúntas Leasa Forlíontach Bunúsach.
Má cháilíonn tú do mhéadú ar d’íocaíocht leasa shóisialaigh do chleithiúnaí aosaithe íocfar í go díreach leat mar chuid de do phríomhíocaíocht. Má thoilíonn an bheirt agaibh, áfach, is féidir an Méadú um Dhuine Fásta Cáilithe a fháil go díreach le do chleithiúnaí aosaithe.
I gcásanna áirithe, má bhíonn deacrachtaí sa bhaile, (mar shampla, cearrbhachas nó mí-úsáid alcóil) is féidir le cleithiúnaí aosaigh níos mó ná an Méadú um Dhuine Fásta Cáilithe a íoc go díreach leis nó léi gan do thoiliú. Tarlaíonn sé seo de ghnáth mar thoradh ar imscrúdú ag Cigire Leasa Shóisialaigh.
Má dhéanann tú iarratas ar an Pinsean Stáit (Ranníocach) nó Pinsean Stáit (Neamh-ranníocach), íocfar an Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe go huathoibríoch go díreach le do chleithiúnaí aosaithe. Féadfaidh do chleithiúnaí aosaithe rogha a dhéanamh go n-íocfaí é le d’íocaíocht ina ionad sin.
Má tá Pinsean Stáit (Ranníocach) á fháil agat faoi láthair agus más mian leat iarratas a dhéanamh ar Mhéadú um Dhuine Fásta Cáilithe do do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir ba cheart duit:
Foirm iarratais maidir leis an bPinsean Stáit (Ranníocach) ar Mhéadú um Dhuine Fásta Cáilithe (SPCQA1 ga)
Íocaíocht SW | Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe (faoi 66) | Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe (66 bliana d’aois nó níos sine)) |
Pinsean Stáit (Ranníocach) | €184.70 (uasmhéid) | €248.60 (uasmhéid) |
Pinsean Easláine | €169.70 | €169.70 (Is féidir le daoine fásta cáilithe a bhí os cionn 66 bliain d'aois roimh 01/01/2014 leanúint ar aghaidh ag fáil ráta níos airde) |
Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) | €175.70 (uasmhéid) | Ní íoctar an Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) do dhaoine fásta cáilithe os cionn 66 bliana d’aois. Nuair a shroicheann do dhuine fásta cáilithe 66 bliana d’aois is féidir leo iarratas a dhéanamh ar Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) as a stuaim féin. |
Sochar Breoiteachta | €154.00 | €154.00 |
Sochar Cuardaitheora Poist | €154.00 | €154.00 |
Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) | €154.00 | €154.00 |
Íocaíocht Sochair do Dhaoine 65 Bliain d’Aois | €154.00 | €154.00 |
Forlíonadh Éagumais | €154.00 | €166.80 |
Sochar Díobhála | €154.00 | €154.00 |
Sochar Sláinte agus Sábháilteachta | €154.00 | €154.00 |
Liúntas Míchumais | €154.00 | €154.00 |
Pinsean na nDall | €154.00 | Neamh-iníoctha do dhaoine os cionn 66 bliain d'aois |
Liúntas Cuardaitheora Poist | €154.00 | €154.00 |
Cúnamh Feirme | €154.00 | €154.00 |
Liúntas Leasa Forlíontach Bunúsach | €154.00 | €154.00 |
Chun Méadú um Dhuine Fásta Cáilithe a fháil ní mór duit** sonraí faoi do chleithiúnaí aosaithe a thabhairt ar d’fhoirm éilimh nuair a dhéanann tú iarratas ar íocaíocht leasa shóisialaigh.
Mura ndearna tú éileamh ar son do chleithiúnaí aosaithe ag an am a rinne tú d’éileamh, déan teagmháil le do thoil leis an rannóg sa roinn seo a íocann d’íocaíocht leasa shóisialaigh nó le do Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh.
Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.