Le hImlitreacha 0045/2020 agus 0046/2020 leagadh amach na tacaí oibriúcháin atá ar fáil do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna le hathoscailt go hiomlán agus go sábháilte ar bhealach inbhuanaithe, agus an riosca a bhaineann le COVID-19 a laghdú, agus ba chóir iad a léamh in éineacht le doiciméad na Roinne 'An Treochlár chun Filleadh go hIomlán ar an Scoil’.
Sa Treochlár agus sna hImlitreacha tugtar na mionsonraí den Deontas Mionoibreacha nua do scoileanna chun tacú le Forfheidhmiú Iomlán na bPleananna Freagartha COVID-19, mar a leagtar amach anseo thíos.
I mbliana, beidh dhá chuid sa Deontas Mionoibreacha:
(a) An Deontas Mionoibreacha bliantúil €5,500 móide €18.50 do gach dalta príomhshrutha agus €74 do gach dalta riachtanas speisialta ar na rollaí ar 30ú Meán Fómhair na bliana roimh eisiúint an deontais. (Baineann an ráta €74 le dalta riachtanas speisialta ag freastal ar scoil speisialta nó ag freastal ar rang speisialta atá mar chuid de scoil phríomhshrutha). De ghnáth íoctar an deontas seo gach scoilbhliain i mí na Nollag nó mí Eanáir, ach i mbliana tugtar ar aghaidh chuig mí Lúnasa é.
(b) Deontas Mionoibreacha Feabhsaithe, arb ionann é agus (a). Íocfar é seo i mí Lúnasa freisin.
I ndáiríre, is ionann é seo agus dúbailt ar an deontas mionoibreacha a íocadh le scoileanna in 2019. Níl aon phróiseas iarratais a ghabhann leis an deontas seo, atá eisithe anois go díreach do na scoileanna go léir sa scéim oideachais saor in aisce in dhá íocaíocht ar leithligh. Beidh socruithe éagsúla i bhfeidhm do scoileanna PPP, agus seolfar teachtaireacht ar leith chuig na scoileanna sin.
Ba chóir do scoileanna na prionsabail atá rianaithe in Imlitir 0062/2013 maidir leis an Scéim Deontais do Mhionoibreacha ar Fhoirgnimh Scoileanna Náisiúnta a chur i bhfeidhm maidir le húsáid an Deontais seo freisin, agus an tsolúbthacht riachtanach a bheith ag scoileanna bearta riachtanacha athchumraithe a chur i bhfeidhm ina scoil de réir
‘An Treochlár chun Filleadh go hIomlán ar an Scoil’ , na comhairle i dtaca le sláinte phoiblí ar athoscailt scoileanna agus a bPlean Freagartha COVID-19.
Rianaíonn an Treochlár chun Filleadh go hIomlán ar an Scoil an réimse de bhearta riachtanacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun scoileanna a athchumrú ar bhealach a chumasaíonn cur i bhfeidhm an Treochláir, comhairle I dtaca le sláinte phoiblí agus Pleananna Freagartha COVID-19 do scoileanna. I measc na mbeart riachtanach athchumraithe seo chun filleadh iomlán ar scoil a chumasú d’fhéadfadh na nithe seo a leanas agus níos mó ná sin a bheith i gceist: athchumrú ar spás seomra ranga, feidhmeanna nua a thabhairt do sheomraí chun níos mó spáis a sholáthar, áiseanna stórais a oiriúnú, troscán a cheannach, leagan amach binsí a athrú, spásanna leithris a oiriúnú, áiseanna a thógáil ar cíos don ghearrthéarma agus araile. Ag cur san áireamh go bhfuil leagan amach gach scoile difriúil is ag scoileanna féin is fearr a bheidh an t-eolas chun cinntí a dhéanamh maidir leis na bearta athchumraithe a bheidh riachtanach dóibh chun athoscailt scoile a chumasú.
I gcúinsí teoranta, déanfaidh an Roinn machnamh ar iarratais ó scoileanna ina bhfuil méid na n-oibreacha athchumraithe atá riachtanach chun athoscailt iomlán a cheadú chomh mór sin go mb’fhéidir go mbeidh gá le maoiniú breise. Déanfaidh an Roinn é seo a mheas ar bhonn cás ar chás agus ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an Roinn ag reopeningschools@education.gov.ie
D’fhonn tacú le scoileanna ina n-obair ar fhorfheidhmiú iomlán a bPlean Freagartha COVID-19, eiseofar deontas aonuaire mionoibreacha chuig na scoileanna go léir sa scéim oideachais saor in aisce faoi lár mhí Lúnasa, arna ríomh mar seo a leanas:
(a) €10,000 mar dheontas bunúsach móide €100 in aghaidh gach scoláire príomhshrutha agus €400 i gcás scoláire i ranganna speisialta ar na rollaí ar 30 Meán Fómhair 2019.
Níl aon phróiseas iarratais a ghabhann leis an deontas seo, agus eiseofar go díreach chuig scoileanna é chuig na scoileanna go léir sa scéim oideachais saor in aisce in aon íocaíocht amháin tráth nach déanaí ná lár mhí Lúnasa. Beidh socruithe éagsúla i bhfeidhm do scoileanna PPP, agus seolfar teachtaireacht ar leith chuig na scoileanna sin.
Ba chóir do scoileanna na prionsabail atá rianaithe in Imlitir 0062/2013 maidir leis an Scéim Deontais do Mhionoibreacha ar Fhoirgnimh Scoileanna Náisiúnta a chur i bhfeidhm maidir le húsáid an Deontais seo freisin, agus an tsolúbthacht riachtanach a bheith ag scoileanna bearta riachtanacha athchumraithe a chur i bhfeidhm ina scoil de réir
'An Treochlár chun Filleadh go hIomlán ar an Scoil’ , na comhairle i dtaca le sláinte phoiblí ar athoscailt scoileanna agus a bPlean Freagartha COVID-19.
Rianaíonn an 'An Treochlár chun Filleadh go hIomlán ar an Scoil’, an réimse de bhearta riachtanacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun scoileanna a athchumrú ar bhealach a chumasaíonn cur i bhfeidhm an Treochláir, comhairle I dtaca le sláinte phoiblí agus Pleananna Freagartha COVID-19 do scoileanna. I measc na mbeart riachtanach athchumraithe seo chun filleadh iomlán ar scoil a chumasú d’fhéadfadh na nithe seo a leanas agus níos mó ná sin a bheith i gceist: athchumrú ar spás seomra ranga, feidhmeanna nua a thabhairt do sheomraí chun níos mó spáis a sholáthar, áiseanna stórais a oiriúnú, troscán a cheannach, leagan amach binsí a athrú, spásanna leithris a oiriúnú, áiseanna a thógáil ar cíos don ghearrthéarma agus araile. Ag cur san áireamh go bhfuil leagan amach gach scoile difriúil is ag scoileanna féin is fearr a bheidh an t-eolas chun cinntí a dhéanamh maidir leis na bearta athchumraithe a bheidh riachtanach dóibh chun athoscailt scoile a chumasú.
I gcúinsí teoranta, déanfaidh an Roinn machnamh ar iarratais ó scoileanna ina bhfuil méid na n-oibreacha athchumraithe atá riachtanach chun athoscailt iomlán a cheadú chomh mór sin go mb’fhéidir go mbeidh gá le maoiniú breise. Déanfaidh an Roinn é seo a mheas ar bhonn cás ar chás agus ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an Roinn ag reopeningschools@education.gov.ie
Aithníonn an Roinn go mb’fhéidir go mbeidh cúinsí teoranta ann ina mbeidh roinnt tacaíochta de dhíth ar scoileanna taobh amuigh den Scéim Oideachais Saor in Aisce Oideachais Saor in Aisce chun oibreacha athchumraithe riachtanacha a shamhlaítear faoin Treochlár chun Filleadh go hIomlán ar an Scoil a chur i bhfeidhm le hathoscailt a éascú.
Is féidir le scoileanna, ar bhonn eisceachtúil, cúnamh a lorg ar an Roinn do thacaí airgeadais nuair atá siad ábalta a léiriú go bhfuil dúshláin ar leith rompu mar thoradh ar COVID-19 agus na bearta riachtanacha a chur i bhfeidhm chun teorainn a chur le riosca leathnú an ionfhabhtaithe.
Sna cásanna sin beidh ar scoileanna a léiriú go soiléir cad iad an deacrachtaí atá acu leis na bearta rialaithe riachtanacha a chur i bhfeidhm agus mar a chuideodh soláthar tacaíochta breise leis na deacrachtaí ar leith sin a shárú. Ní dhéanfar machnamh ar thacaí breise ach amháin i gcomhthéacs sholáthar an oideachais sa scoil phríomhshrutha; is socruithe príobháideacha iad na socruithe cónaithe, a bhaineann leis na scoileanna féin.
Ba chóir do scoileanna dul i dteagmháil leis an Roinn ag reopeningschools@education.gov.ie más mian leo iarratas a dhéanamh. Déanfar gach iarratas a fhaigheann an Roinn a mheas ar bhonn cás ar chás.