Cearta Ábhar Sonraí – Cén chaoi iarratas a dhéanamh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag an mbonnleibhéal, nuair a fhreagraítear ar Iarratais ar Rochtain ar Ábhar (SARanna) i dtaca le leanaí, déanann baill foirne na Roinne a ndícheall lena chinntiú:
I mí na Nollag 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Leanaí ‘Na Bunphrionsabail i ndáil le Cur Chuige atá Dírithe ar Leanaí maidir le Próiseáil Sonraí (na Bunphrionsabail)’ atá mar aidhm acu cuidiú le heagraíochtaí a dhéanann sonraí leanaí a phróiseáil, trí na prionsabail a shoiléiriú, ag eascairt as oibleagáidí ardleibhéil faoin RGCS, a bhfuil an CCL ag súil go gcoífidh eagraíochtaí leo. Sna Bunphrionsabail, atá ar fáil anseo, tugtar isteach prionsabail léirmhínitheacha um chosaint sonraí a bhaineann go sonrach le leanaí agus bearta molta a chuirfidh leis an leibhéal cosanta atá curtha ar fáil do leanaí i gcoinne na rioscaí próiseála sonraí a d’fhéadfadh a bheith ann dóibh tríd an úsáid a bhaineann siad as seirbhísí/ an rochtain a dhéanann siad ar sheirbhísí sa domhan ar líne agus as líne araon agus moltar go dtéann aonaid gnó i dtaithí ar an treoir seo.
Bunaithe ar threoir atá curtha ar fáil sna Bunphrionsabail, is é seo a leanas an cur chuige ginearálta a ghlactar nuair a fhaigheann an Roinn Iarratais ar Rochtain ar Ábhar (SARanna) i dtaca le sonraí leanaí:
I dtreoir na mBunphrionsabail, tá liosta gnéithe is cóir a chur san áireamh sa mheasúnú cé acu ar chóir do leanbh a bheith ábalta a gcearta féin um chosaint sonraí a fheidhmiú (lch 35) agus leagtar amach inti freisin gnéithe éagsúla is cóir d’eagraíocht a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh cé acu ar mhaithe le leas an linbh go nglacann a t(h)uismitheoir(í)/ c(h)aomhnóir(í) dleathach(a) a (h)áit agus go gcuireann sé/siad a c(h)earta um chosaint sonraí i bhfeidhm (lgh 37-38).
Pointe ginearálta is fiú a thabhairt faoi deara ó threoir an CCL gur ‘gné nach féidir a sheachaint é maidir le sonraí pearsanta leanaí a phróiseáil, nach mór go mbeadh an eagraíocht atá ina mbun in ann déileáil leis na castachtaí a bhaineann le feidhmiú chearta na leanaí mar ábhair sonraí (measúnuithe ar inniúlacht san áireamh). Is faoin eagraíocht cinneadh a dhéanamh, i ngach ceann de na cúinsí de chás ar bith, cad é an bealach is oiriúnaí chun freagairt ar iarratas chun cearta ábhair sonraí linbh a fheidhmiú (cé acu an raibh an t-iarratas déanta ag an leanbh é/í féin nó tuismitheoir/ caomhnóir nó tríú páirtí/urlabhraí de réir mar is cuí).’