Scéim na nÍocaíochtaí Dócmhainneachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cosnaíonn an Scéim Íocaíochtaí Dócmhainneachta iarfhostaithe cuideachtaí a d’éirigh dócmhainneach go dleathach.
Is féidir le fostaithe éileamh a dhéanamh, trí ionadaí an fhostóra, cosúil leis an leachtaitheoir nó an glacadóir oifigiúil, go n-íocfar fiachais nár íocadh go fóill, an méid seo a leanas ina measc:
Tá teorainn 8 seachtaine i bhfeidhm ar an méid seo a leanas:
Cuirtear uasteorainn €600 sa tseachtain ar an ollphá seachtainiúil.
Caithfidh go raibh an fiachas nár íocadh go fóill le híoc sna 18 mí roimh dháta na dócmhainneachta nó foirceanta na fostaíochta.
Cumhdaíonn an scéim fostaithe atá faoi árachas do gach sochair faoin reachtaíocht leasa shóisialaigh. Ciallaíonn seo, go ginearálta, fostaí a íocann ÁSPC aicme “A”.
I bhformhór na gcásanna, úsáidtear an t-ollphá seachtainiúil, faoi réir teorainn €600, leis an méid is féidir a íoc faoin scéim a ríomh.
Is í an íocaíocht uasta do riaráistí pá nó pá saoire nó fógra íosta €4,800.
Déan teagmháil, le do thoil, leis an leachtaitheoir, an glacadóir nó le hionadaí an fhostóra chun iarratas a dhéanamh.
Caithfidh ionadaí an fhostóra, an leachtaitheoir nó an glacadóir iarratais ar fhiachais atá iníoctha faoin Scéim Íocaíochtaí Dócmhainneachta a dhéanamh agus seolfaidh siad ar aghaidh í trí úsáid a bhaint as seirbhís na Scéimeanna Íocaíochtaí Iomarcaíochta agus Dócmhainneachta ar Welfare Partners.
Chun teacht ar an tseirbhís seo, teastóidh Fodheimhniú ó ionadaí an fhostóra, an leachtaitheoir nó an glacadóir ón Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) a eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim. Is féidir teacht ar eolas breise ar conas cur isteach ar Fhodheimhniú an RCS anseo.
Is féidir teacht ar eolas breise d’ionadaithe fostóra ar conas an tseirbhís seo a úsáid agus a rochtain ar Welfare Partners anseo.
Is pointe teagmhála aonair é Intreo (an tSeirbhís Fostaíochta Poiblí) do gach tacaíocht agus seirbhís fhostaíochta agus ioncaim.