An tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I ndiaidh don Oifig um Sholáthar Rialtais próiseas tairisceana a chur i gcrích, bronnadh an conradh don tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe (EAS), ar Spectrum.Life ón 26 Iúil 2024. Tugtar ‘Folláine le Chéile’ ar an tseirbhís do na fostaithe sin. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach le do thoil ar Ciorclán 0033/2022 .
Soláthraíonn an SCF comhairle d'fhostaithe maidir le réimse saincheisteanna lena n-áirítear caisteanna folláine, dlí, airgeadais, méala, coimhlinte, eadráine srl. Soláthraíonn an SCF comhairle agus tacaíocht do bhainisteoirí chomh maith agus cuireann idirghabháil ar fáíl le cabhrú leo déileáil le saincheisteanna sláinte agus folláine san ionad oibre i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta.
Más cuí, tá comhairleoireacht ghearrthéarmach ar fáil d'fhostaithe agus do bhaill teaghlaigh. Áirítear mar bhall teaghlaigh céile, páirtí sibhialta nó cleithiúnaí, nuair is féidir cur síos ar bhall teaghlaigh mar dhuine os cionn 16 a chónaíonn in áras an teaghlaigh. De bhreis air sin, tá teiripe chognaíochta iompraíoch ar fáil ar líne d'fhostaithe.
Tá tairseach shaincheaptha folláine agus aip ar fáil le réimse seirbhísí ar líne le rochtain ar chomhrá beo, físeáin, podchraolta agus blaganna faoi ábhair a bhaineann le meabhairshláinte, saol teaghlaigh, aclaíocht agus cothú. Tá an t-ardán ar f áil ar an nGréasán ar iOS App nó Android App.
Mar chuid den SCF, tá Bainisteoir Cothú Meabhaishláinte ar fáil le tograí meabharshláinte agus folláine bunaithe ar fhianaise a fhorbairt agus a sheachadadh. Beidh sraith seimineár gréasáin agus taispeántais á soláthar ag Spectrum.Life chomh maith le folláine a chur chun cinn i scoileanna.
Seisiúin Eolais faoin tSeirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe (EAS)
Seirbhís Cúnaimh d'Fhostaithe
Tá an tseirbhís ar fáil air 24 uair an chloig sa lá, 365 lá sa bhliain,
Is féidir le fostaithe rochtain a fháil ar thairseach folláine Spectrum.Life mar a leanas: