Conas iarraidh Saorála Faisnéise a dhéanamh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ba cheart duit an iarraidh uait a dhéanamh i scríbhinn agus í a sheoladh le ríomhphost chuig foi@education.gov.ie nó le casadh an phoist chuig: An tAonad um Shaoráil Faisnéise, An Roinn Oideachais, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 RC96.
Más mian leat, is féidir leat úsáid a bhaint as foirm iarratais chaighdeánach na Roinne nó as an Fbhfoirm iarratais d’iarchónaitheoirí scoileanna saothair agus scoileanna ceartúcháin chun iarraidh a dhéanamh, ag brath ar an gcineál faisnéise atá á lorg agat.
Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith san iarraidh uait:
Má theastaíonn aon chabhair uait, beidh baill foirne san Aonad um Shaoráil Faisnéise sásta cúnamh a thabhairt duit.
Ní ghearrtar aon táille i leith iarraidh a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Is fíorannamh a ghearrfar aon táillí i leith taifid phearsanta agus ní dhéanfar amhlaidh ach amháin i gcás go mbeidh líon mór taifead i gceist. Áirítear le hiarrataí ar fhaisnéis phearsanta faisnéis a bhaineann le do leanaí agus faisnéis a bhaineann le daoine éagtha.
I gcás iarrataí ar fhaisnéis neamhphearsanta, is féidir go ngearrfar táillí i leith an ama a caitheadh ar thaifid a aimsiú agus i leith aon chostas cóipeála a thabhaigh an Roinn chun an t-ábhar a iarradh a sholáthar duit, i gcás gur mó an costas iomlán ná €100. I gcás go sárófar an tairseach íosta sin (is comhionann le 5 huaire an chloig saor in aisce), gearrfar ráta €20 in aghaidh na huaire i leith an ama ar fad a caitheadh.
I bhformhór na gcásanna, tá feidhm ag teorainn uasta €500 maidir le táillí den sórt sin. I gcás gur mó an costas cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála ná €700, féadfar diúltú géilleadh don iarraidh ach amháin i gcás go gcúngófar raon feidhme na hiarrata.
Cuardach agus aisghabháil | €20 in aghaidh na huaire |
Muirir chóipeála | Fótachóip: €0.04 in aghaidh an leatháin |
CD-ROM | €10 |
Radagraf | €6 |
Táille athbhreithnithe inmheánaigh | €30 (€10 do shealbhóirí cárta leighis) |
Achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise | €50 (€15 do shealbhóirí cárta leighis) |
Mionsonraítear sa loga na hiarrataí ar fhaisnéis neamhphearsanta ar thug an Roinn freagra orthu faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Tugtar an loga cothrom le dáta ar bhonn ráithiúil.
Má tá tú míshásta leis an bhfreagra ón Roinn, féadfaidh tú a iarraidh go ndéanfadh ball foirne níos sinsearaí laistigh den Roinn athscrúdú ar an mbreith. Ba cheart iarratais ar athbhreithniú ar bhreith, agus táille €30 nó táille laghdaithe €10 do shealbhóirí cárta leighis, a sheoladh chuig:
Tabhair faoi deara: Níl feidhm ag na táillí sin ach amháin maidir le hiarrataí ar fhaisnéis neamhphearsanta.
Tabhair faoi deara: Níl feidhm ag na táillí sin ach amháin maidir le hiarrataí ar fhaisnéis neamhphearsanta.
Má tá tú fós míshásta leis an mbreith, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise in aghaidh na breithe. Ba cheart iarratais, a bhfuil an táille chuí (€50 nó táille laghdaithe €15 do shealbhóirí cárta leighis) ag gabháil leo, a chur ar aghaidh go díreach chuig an seoladh seo a leanas: