Is éard atá sa Liúntas Tacaíochta Teileafóin ná íocaíocht sheachtainiúil le haghaidh daoine atá ina gcónaí ina n-aonar agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe eile á bhfáil acu cheana. Cabhraíonn sé chun costas cumarsáide nó réitigh slándála tí a íoc.
Íoctar é ag ráta aonair €2.50 in aghaidh na seachtaine.
Íoctar an liúntas go huathoibríoch le daoine a bhfuil ceann de na híocaíochtaí cáilitheachta thíosluaite á fáil acu chomh maith leis an Liúntas Maireachtála Aonair agus an Liúntas Breosla.
Níl aon fhoirm iarratais i gceist.
Is íocaíocht bhreise €2.50 in aghaidh na seachtaine é an Liúntas Tacaíochta Teileafóin, anuas ar do bhun-íocaíocht, do Liúntas Maireachtála Aonair agus do Liúntas Breosla.
Is ionann é agus €130 sa bhliain.
Má mheasann tú go bhfuil tú cáilithe chun an Liúntas Tacaíochta Teileafóin a fháil, ach nach bhfuil sé á fháil agat i ndiaidh 4 Meitheamh 2018, is féidir teagmháil a dhéanamh le ceann de na hoifigí seo a leanas ag brath ar cén íocaíocht atá á fáil agat.
Liúntas Míchumais / Pinsean Easláine / Pinsean Míchumais (Forlíonadh Éagumais) / Pinsean Baintrí, Pinsean Baintrí Fir nó Pinsean Páirtí Sibhialta Marthanach (Ranníocach) faoin Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde:
Teil: (043 ) 334 0000
Pinsean Stáit (Ranníocach/Neamhranníocach) / Pinsean Baintrí, Pinsean Baintrí Fir nó Pinsean Páirtí Sibhialta Marthanach (Ranníocach) / Pinsean na nDall / Sochar Banchéile Thréigthe:
Teil: (071 ) 915 7100