Scéim Iomarcaíochta na gCúntóirí Riachtanas Speisialta (SNA)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Comhaontaíodh na socruithe iomarcaíochta do Chúntóirí Riachtanas Speisialta (SNAnna) ag leibhéal náisiúnta ag an gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais. Déanann na socruithe seo soláthar do chúiteamh iomarcaíochta a chur chun feidhme i gcás Cúntóirí Riachtanas Speisialta a bhfuil níos mó ná bliain amháin de sheirbhís leanúnach acu agus atá fostaithe i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna i bpoist cheadaithe.
D’fhéadfaí fostaíocht na gCúntóirí Riachtanas Speisialta a laghdú ó fhostaíocht lánaimseartha go fostaíocht pháirtaimseartha nó d’fhéadfaí an fhostaíocht a fhoirceannadh i gcásanna ina laghdaítear leithdháileadh ceadaithe na scoile agus ina bhfuil sé riachtanach scor d’fhostaíocht an Chúntóra Riachtanas Speisialta nó fostaíocht an Chúntóra Riachtanas Speisialta a laghdú. Tagann cás iomarcaíochta chun cinn i gcásanna ina scoireann an post de bheith ann/ ina laghdaítear an post agus nach n-ionadaítear an Cúntóir Riachtanas Speisialta. Mura bhfuil conradh scríofa a bhaineann le leanbh ar leith ag an gCúntóir Riachtanais Speisialta is sóisearaí sa scoil, rud a dtugann teideal dó/di fanacht sa scoil, tá na critéir roghnúcháin le haghaidh iomarcaíochta ar bhonn ‘an duine deireanach isteach - an chéad duine amach’.
Tá sonraí iomlána ar Scéim Iomarcaíochta na gCúntóirí Riachtanas Speisialta le fáil i gCiorclán 0058/2006 Socruithe Iomarcaíochta do Chúntóirí Riachtanas Speisialta
Chun iarratas a dhéanamh ar íocaíocht iomarcaíochta, ba chóir na foirmeacha shíos a chomhlánú
Treoir maidir leis an bhFoirm Iomarcaíochta a Chomhlánú (RP50).
CRS Red 1
Sonraí le dul le Foirm Iarratais d’Iomarcaíocht RP50
agus a chur ar aghaidh chuig:
An Roinn Oideachais, An Rannóg Párolla do Bhaill Foirne Neamh-Theagaisc, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, N37 X659
Is í an teorainn ama maidir le hiarratas a chur isteach ar íocaíocht iomarcaíochta 52 seachtain tar éis an dáta ar ar foirceannadh / laghdaíodh an conradh fostaíochta.
Ba chóir d'iarratasóirí a léamh an:
0031/2022
Earcaíocht Cúntóirí Riachtanas Speisialta - Socruithe Sannacháin Fhorlíontaigh don scoilbhliain 2022/2023
Le haghaidh fiosruithe maidir le Scéim Iomarcaíochta na gCúntóirí Riachtanas Speisialta, déan teagmháil:
Ba chóir fiosrú ar bith maidir leis an Ciorclán 0031/2022 a chur (le r-phost amháin) chuig an seoladh r-phoist ar leith seo a leanas: