Íocaíochtaí ar Riachtanais Eisceachtúla (LLF)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is íocaíocht aonair í an Íocaíocht Riachtanas Eisceachtúil chun cabhrú le caiteachas riachtanach, aonuaire, eisceachtúil a íoc, sa chás nach bhféadfaí a bheith ag súil go réasúnach go mbeadh duine in ann a leithéid a íoc as a (h)ioncam seachtainiúil.
D’fhéadfaí an íocaíocht a úsáid le haghaidh leabaithe nó gréithe cócaireachta, mar shampla, sa chás go bhfuil duine ag bogadh isteach i dteach dá c(h)uid féin den chéad uair, chun cuairt a thabhairt ar ghaolta atá san ospidéal nó i bpríosún, costais sochraide a íoc nó éadaí a cheannach in imthosca eisceachtúla.
Bunaithe ar an méadú atá tagtha ar an gcostas maireachtála mar gheall ar chostais fuinnimh a bheith ag méadú, d’fhéadfadh go mbeadh deacrachtaí ag teaghlaigh áirithe íoc as breosla, leictreachas agus teas. D’fhéadfadh go mbeadh tacaíocht airgeadais ar fáil i bhfoirm Íocaíocht Riachtanas Eisceachtúil chun cabhrú leis an gcostas breise a bhaineann le teas agus leictreachas a íoc.
Tá Íocaíochtaí Riachtanas Eisceachtúil á riar ag Seirbhísí Leasa Pobail (CWS) na roinne.
Tá foráil déanta le haghaidh Íocaíochtaí Riachtanas Eisceachtúil sa reachtaíocht. Cuirfear imthosca aonair an cháis san áireamh. Breithneofar cumas an duine a bhfuil iarratas á dhéanamh aige/aici ar chúnamh chun an riachtanas sin a chomhlíonadh óna c(h)uid acmhainní féin, acmhainní malartacha nó acmhainní an teaghlaigh, sula gcuirfear cúnamh ar fáil.
B’fhéidir go mbeidh tú incháilithe le haghaidh Íocaíocht Riachtanas Eisceachtúil sna cásanna seo a leanas:
Go hiondúil, ní bheidh daoine incháilithe sna cásanna seo a leanas:
Mura bhfuil tú incháilithe de ghnáth le haghaidh cúnaimh faoi Íocaíochtaí Riachtanas Eisceachtúil, féach Item was unpublished or removed
Braithfidh méid na híocaíochta a gheobhaidh tú ar thástáil acmhainne agus ar an gcineál cúnaimh a theastaíonn uait.
Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Leasa Pobail ag oifig áitiúil.
Is féidir foirm iarratais a íoslódáil anseo nó ó d'oifig áitiúil.
Foirm Iarratais le haghaidh Liúntais Leasa Forlíontaigh (SWA1)
Eagrán: Feabhra 2023
Chun cabhrú linn d’éileamh a phróiseáil, ba cheart duit an méid seo a leanas a chur ar fáil:
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.