Scéim Sparánacht Oideachas Ceoil Neamh-Phríomhshrutha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé mar aidhm ag an scéim tacaíocht a sholáthar i bhfoirm deontas airgid, do thionscnaimh oideachas ceoil neamh-phríomhshrutha/tionscnaimh ceoil pobail atá bunaithe cheana, ar scála níos lú, a bhfuil rochtain theoranta nó gan aon rochtain acu ar mhaoiniú poiblí de chineálacha eile. Is féidir na deontais a úsáid chun uirlisí, trealamh eile agus teagasc a cheannach. Ní cóir go n-úsáidfí na deontais ar chaiteachas caipitil ar nós costais struchtúracha nó tógála. Is é an buiséad iomlán atá ar fáil i 2024 ná €100,000.
Déanfaidh an Coiste um Oideachas Ceoil Neamh-Phríomhshrutha arna mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna na hiarratais a bhreithniú. Tabhair ar aird nach mbaineann bronnadh dheontas Sparánachta ach le 2024 amháin agus go bhfuil an scéim á reáchtáil ar bhonn bliantúil, faoi láthair.
Scéim Sparánacht Oideachas Ceoil Neamh-Phríomhshrutha - Treoirlínte
2024
Scéim Sparánacht Oideachas Ceoil Neamh-Phríomhshrutha - Foirm Iarratais
2024
Íoslódáil an fhoirm iarratais, clóscríobh agus comhlánaigh gach rannán.
Ní mór iarratais a chur isteach mar cheangaltán ríomhphoist, agus MAR SIN AMHÁIN, chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas nmmebs@education.gov.ie
**Dáta deiridh Iarratais 2024: *19 Márta 2024**
Breithneofar iarratais ó eagraíochtaí/grúpaí a léiríonn na gnéithe seo a leanas:
Tabharfar tús áite do na heagraíochtaí/grúpaí siúd ar féidir leo a léiriú go bhfreastalaíonn siad ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch.
Cuirfidh inmhianaitheacht na ngnéithe seo a leanas bonn eolais faoinár roghnú moltaí: