Tá d'aiseolas an-tábhachtach dúinn ionas gur féidir linn ár seirbhísí a fhorbairt. Mar sin, roinn do thuairimí linn, le do thoil. Tá suim againn do thuairimí, do mholtaí, na nithe atá á ndéanamh i gceart againn agus do ghearáin a chloisteáil. Táimid tiomanta an t-aiseolas seo a úsáid chun cabhrú linn an tseirbhís is fearr a sholáthar do chustaiméirí.
Chun d'Aiseolas a chur isteach, comhlánaigh an fhoirm aiseolais do Chustaiméirí thíos, le do thoil
Mar mhalairt air sin, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig ár bhfoireann um sheirbhís do chustaiméirí, ag Customerservice@welfare.ie nó is féidir leat a iarraidh ar bhall foirne ar bith sa roinn gearán a chlárú ar do shon.
Más mian leat gearán gan ainm a dhéanamh maidir le calaois, comhlánaigh an fhoirm thíos agus cuir isteach í le do thoil.
Ná bíodh aon amhras ort ach go ndéanfar gach gearán a fhiosrú agus déileálfar leo go pras, go neamhchlaonta agus faoi rún agus nach mbeidh tionchar diúltach ag do ghearán ar d'éileamh nó ar d'íocaíocht. Táimid tiomanta do ghearán a admháil laistigh de 3 lá agus freagra a thabhairt duit laistigh de 15 lá.
Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra ar do ghearán, féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh.
Is féidir leat athbhreithniú a iarraidh trí ríomhphost Customerservice@welfare.ie .
Déanfaidh Oifigeach Seirbhíse do Chustaiméirí neamhspleách an t-athbhreithniú, agus tabharfaidh siad freagra i scríbhinn duit laistigh de 20 lá oibre.
Má tá tú fós míshásta lenár bhfreagra tar éis athbhreithnithe, is féidir leat do ghearán a tharchur chuig Oifig an Ombudsman, a chuireann seirbhís neamhspleách agus saor in aisce ar fáil duit.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar ár gcuid seirbhísí, tabhair cuairt le do thoil ar www.ombudsman.ie.
Agus leas á baint agat as ár nósanna imeachta i dtaca le gearáin, ní dhéanfaidh tú dochar riamh ar do cheart chun ceisteanna a ardú faoin Acht um Míchumas, leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, leis an oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh nó leis an Ombudsman.
Is féidir leat aiseolas a sholáthar dúinn freisin tríd an méid seo a leanas:
Teagmháil dhíreach a dhéanamh le haon cheann de scéimeanna nó réimsí seirbhíse na roinne. Seirbhísí agus Scéimeanna Leasa Shóisialaigh
Labhairt le haon bhall foirne in Ionad Intreo nó Oifig Brainse. Uimhreacha Teileafóin Leasa Shóisialaigh
Nó trí leas a bhaint as an rogha “Fág Aiseolas” ar bhun leathanaigh ghréasáin Gov.ie na roinne.