Is íocaíocht sheachtainiúil é Pinsean Easláinte do dhaoine nach féidir leo oibriú mar gheall ar bhreoiteacht fhadtéarmach nó ar mhíchumas agus atá cumhdaithe ag árachas sóisialach (ÁSPC).
A luaithe a bhaineann tú 66 bliain d’aois amach, aistrítear thú go huathoibríoch go dtí Pinsean Stáit (Ranníocach) ar an ráta iomlán.
Tá tá i dteideal pas taistil na Scéime Saorthaistil a fháil. B’fhéidir go bhfaighidh tú sochair bhreise leasa shóisialaigh freisin, cosúil leis an bPacáiste Sochair Teaghlaigh.
Gearrtar cáin ar Phinsean Easláine. Ag brath ar do chúinsí, b’fhéidir go mbeidh tú faoi dhliteanas cáin ioncaim a íoc ar roinnt de do Phinsean Easláine nó é go léir. Íocann an Roinn Pinsean Easláine, gan cáin a asbhaint. Cuireann an Roinn na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas, áfach, ar an méid inchánach den Phinsean Easláine atá le cur san áireamh ar mhaithe le cuspóirí cáin ioncaim. Ciallaíonn seo nach gá duit aon rud a dhéanamh chun go n-íocfar an cháin cheart.
Tá eolas faoi chánachas íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim agus ar an leathanach Poist agus Pinsin ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim, www.revenue.ie nó trí chliceáil anseo.
Ní ghearrtar ÁSPC agus MSU ar íocaíochtaí Pinsean Easláine.
Le cáiliú, caithfidh tú coinníollacha leighis agus árachais shóisialaigh (ÁSPC) araon a shásamh.
Le cáiliú, caithfidh tú na coinníollacha seo a leanas a shásamh:
Ní chuirtear ach ranníocaíochtaí ÁSPC ag Aicme A, E, H agus S san áireamh do Phinsean Easláine.
Le Pinsean Easláine a fháil, caithfidh go ndearna tú:
Deimhnítear an dáta ábhartha bunaithe ar dháta tosaithe an éagumais bhuain chun oibre.
Ní féidir leat ranníocaíochtaí saorálacha a úsáid leis na rialacha le haghaidh Pinsean Easláine a shásamh.
Scrúdóidh Oifigeach Breithiúnachta d’éileamh agus déanfaidh siad cinneadh faoi do theidlíocht bunaithe ar na coinníollacha cáilitheacha a dtugtar cuntas orthu thuas.
Ráta seachtainiúil | - | ||
Ráta Pearsanta | €249.50 | - | |
Méadú do dhuine fásta cáilithe | €178.30 | - | |
Méadú do Leanbh Cáilithe | Níos óige ná 12 | Níos sine ná 12 | |
Ráta iomlán | €50.00 | €62.00 | |
Leathráta | €25.00 | €31.00 |
Má tá ioncam ó do chéile nó páirtnéir faoi leibhéal áirithe, is féidir leat méadú ar íocaíocht a fháil. Tugtar Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe ar an méadú seo
Is féidir leat méadú do leanbh cáilithe a fháil freisin sna cásanna seo a leanas:
Chun iarratas a dhéanamh, líon an fhoirm iarratais ar Phinsean Easláine ag bun an leathanaigh seo.
Is féidir leat an fhoirm seo a fháil, chomh maith, ó:
Seol d’fhoirm iarratais líonta le haon cháipéisí tacaíochta chuig:
Má bhí Sochar Breoiteachta á fháil agat ar feadh tréimhse 468 lá, déanfar measúnú leighis ort féachaint an bhfuil tú i dteideal go leanúnach do Shochar Breoiteachta agus an bhfuil teidlíocht fhéideartha agat do phinsean easláine.
Má mheastar, mar thoradh ar an measúnú seo, go bhféadfá bheith i dteideal Pinsean Easláine, seolfar foirm iarratais (INV2) chugat.
Nuair a fhaigheann siad an fhoirm líonta, scrúdóidh Oifigeach Breithiúnachta an t-éileamh agus deimhneoidh siad cáilitheacht do Phinsean Easláine.
Má tá Pinsean Easláine á fháil agat, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar Shochar Cumais Pháirtigh .
Foirm Iarratais: Pinsean Easláine (INV1)
Eagrán: Meán Fómhair 2021
Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta faoina dtugann an fhoireann sa roinn nuair a bhíonn a gcuid oibre á déanamh acu.