Daonáireamh Náisiúnta na Muc
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Caithfidh coimeádaithe muc líon na n-ainmhithe a bhíonn i láthair ar a bhfeirmeacha a chomhaireamh gach bliain agus na sonraí a thaifeadadh ar fhoirm daonáirimh. Tá oibleagáid dhlíthiúil orthu a bhfoirm daonáirimh a chur ar ais gach bliain chuig an Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara.
An dáta a roghnaíodh don Ba é Dé Domhnaigh, 13 Deireadh Fómhair, 2019, Daonáireamh Muc 2019.
Faigheann coimeádaithe muc atá cláraithe leis an roinn tuairisceán daonáirimh sa phost chun líon na muc ar an bhfeirm a thaifeadadh. Ba chóir é a sheoladh ar ais láithreach sa chlúdach réamhíoctha a chuirtear ar fáil.
Cuireadh in iúl do choimeádaithe tréada go ndéanfaí tréada cláraithe nár thaifead aon mhuc á gcoinneáil i 2018 nó in 2019 neamhghníomhach ar chórais na Roinne mar aon le tréada nach bhfuarthas aon tuairisceán uathu do Dhaonáireamh 2019.