Conas Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP) a fháil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chun Cárta Seirbhísí Poiblí (CSP) a fháil, beidh ort freastal ar Ionad CSP. Tá Ionaid CSP ar fáil ar fud na tíre agus cuireann siad seirbhís coinne nó seirbhís siúil isteach ar fáil.
Is é an bealach is tapúla agus is éasca chun coinne a dhéanamh le Cárta Seirbhíse Poiblí ná teagmháil dhíreach a dhéanamh le d’Ionad CSP áitiúil. Mura bhfuil rochtain agat ar ríomhphost, is féidir leat glaoch ar an Ionad Teagmhála Intreo Náisiúnta agus seolfaidh an fhoireann ríomhphost chuig d’Ionad CSP áitiúil chun coinne a iarraidh ar do shon.
Má chuireann d’Ionad CSP áitiúil seirbhís siúil isteach ar fáil, beidh ort dul go dtí an t-ionad le linn uaireanta oscailte an ionaid sin.
Is féidir leat teacht ar shonraí teagmhála chun coinne a dhéanamh agus uaireanta oscailte d’ionaid siúil isteach ar leathanach na nIonad Cártaí Seirbhíse Poiblí (CSP).
Agus tú ag déanamh do choinne nó ag dul chuig ionad siúil isteach, beidh ort d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) agus roinnt sonraí pearsanta a sholáthar.
Ní mór duit a bheith i do chónaí in Éirinn chun Cárta Seirbhísí Poiblí a fháil.
Beidh ort na nithe seo a thabhairt leat:
Mura bhfuil pas nó ceadúnas tiomána agat mar aitheantais, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’oifig áitiúil roimh do choinne. Tabharfaidh siad eolas breise duit maidir leis na doiciméid gur féidir leat a chuir ar fáil.
Má tá aon cheann de na hearraí atá liostaithe thíos agat, ba cheart duit iad a thabhairt leat chuig do choinne, toisc go bhféadfaidís d’aitheantas a dheimhniú freisin:
Mura bhfuil aon cheann de na doiciméid thuas agat, ba chóir duit doiciméid tacaíochta nó aon saghas aitheantas fótagrafach a thabhairt leat.
Ní ghlactar leis na nithe seo a leanas mar fhianaise aitheantais:
Caithfear fianaise do sheoladh Éireannach a chur ar fáil, d’ainneoin do náisiúntacht.
Caithfidh go mbeidh d’ainm agus do sheoladh iomlán ar fhianaise do sheoladh. Is féidir leat aon cheann de na doiciméid seo a úsáid:
Má tá tú ag fanacht le cairde nó gaolta, tá bille teaghlaigh bunaidh agus nóta ó shealbhóir an bhille inghlactha. Is féidir an nóta a dhearbhaíonn go bhfuil tú i do chónaí ann a scríobh ar an mbille féin.
Nuair a fhreastalóidh tú ar an Ionad CSP, fíorófar d’aitheantas. Tugtar clárú SAFE ar seo. Glacfaidh sé timpeall 15 nóiméad.
Le linn duit clárú le haghaidh SAFE:
Má tá coinne déanta agat agus nach mbeidh tú in ann freastal air, ba cheart duit an t-ionad a chur ar an eolas a luaithe agus is féidir ionas gur féidir an choinne a thairiscint do dhuine eile.
Tar éis duit freastal ar an ionad CSP agus an próiseas clárúcháin SAFE a chur i gcrích, seolfar do Chárta Seirbhísí Poiblí chugat sa phost. Glacfaidh sé seo 7-10 lá oibre.
Ní féidir CSP a sheoladh ach chuig seoladh Éireannach.
Is féidir cárta atá as dáta a úsáid fós chun:
Má theastaíonn uait do CSP a athnuachan, lean an nasc seo:
Má tá ceist agat maidir leis an bpróiseas is féidir leat fiosrúchán a sheoladh chugainn nó dul i dteagmháil le deasc chabhrach an Chárta Seirbhísí Poiblí.