Deimhniú A1 - Árachas Sóisialta in Eoraip
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é atá i gceist le Deimhniú A1 ná cáipéis lena ndearbhaítear an tír ina n-íocann duine éigin a c(h)uid árachais shóisialta.
Má tá tú ag dul ag obair san Eoraip ar feadh tréimhse ghairid ama le haghaidh d’fhostóir, nó mar oibrí féinfhostaithe, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú A1. Is féidir leis an deimhniú a bheith bailí ar feadh suas le dhá bhliain.
De ghnáth, íocann daoine árachas sóisialta sa tír ina n-oibríonn siad. Mar shampla, má oibríonn duine éigin in Éirinn, íocann siad árachas sóisialta (ÁSPC) in Éirinn.
In amanna, áfach, oibríonn daoine le haghaidh fostóirí Éireannacha ar feadh tréimhsí gairide san Eoraip, nó is féidir leo oibriú in go leor tíortha mar chuid dá ndualgais.
Nuair atá gluaiseacht isteach i dtíortha Eorpacha eile riachtanach mar gheall ar chúrsaí oibre, baintear feidhm as dlí an Aontais Eorpaigh chun cinneadh a dhéanamh faoin tír ina gcaithfear árachas sóisialta a íoc.
D’fhéadfaí go n-iarrfaí ar dhaoine fostaithe agus ar dhaoine féinfhostaithe atá ag obair san Eoraip a chruthú cá háit a n-íocann siad árachas sóisialta.
Chun mearbhall a sheachaint, ba cheart go mbeadh Deimhniú A1 ag gach fostaí atá ag fágáil na hÉireann le dul ag obair san Eoraip le haghaidh fostóirí Éireannacha lena t(h)réimhse oibre thar lear a chlúdach.
Ba cheart go mbeadh Deimhniú A1 ag gach duine féinfhostaithe atá ag fágáil na hÉireann le dul ag obair san Eoraip freisin lena t(h)réimhse oibre thar lear a chlúdach.
Nuair a fhaigheann tú an Deimhniú A1, inseofar duit cá háit ar cheart duit árachas sóisialta a íoc. D’fhéadfadh é a bheith in Éirinn, cé go bhfuil tú ag obair thar lear, nó d’fhéadfadh é a bheith i dtír éigin eile.
Ba cheart go ndéanfá nó go ndéanfadh d’fhostóir iarratas ar an Deimhniú A1 ar a laghad ceithre seachtaine roimh thús d’fhostaíochta san Eoraip.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh le haghaidh Deimhniú A1 ar an ardán Chomhpháirtithe Leasa anseo.
Le tosú ar Chomhpháirtithe Leasa, ní mór duit clárú i dtús báire leis na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh seirbhísí ar líne (ROS) Clárúchán deimhniú ROS.
Tar éis clárú ar ROS, ní mór duit fodheimhniú de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí (RCS) a íoslódáil ón ardán ROS freisin le gur féidir leat logáil isteach ar Chomhpháirtithe Leasa. Le haghaidh eolais, féach Treoir Fhodheimhniú ROS.
Tar éis logáil isteach ar Chomhpháirtithe Leasa, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú A1 tríd an rogha “iarratas ar Dheimhniú A1 agus próifíl comhlachta” a roghnú.
Má tá aon chabhair uait chun rochtain a fháil ar Chomhpháirtithe Leasa nó más mian leat iarratas a phlé, déan teagmháil linn.