Tá an Clár Fostaíochta Pobail (CE) ceaptha chun cabhrú le daoine atá dífhostaithe le fada (nó atá faoi mhíbhuntáiste ar shlí eile) filleadh ar an obair trí shocrúcháin pháirtaimseartha agus shealadacha a sholáthar i bpoist atá bunaithe i bpobail áitiúla.
Féadfaidh rannpháirtithe glacadh le hobair pháirtaimseartha eile le linn dóibh a bheith ar an socrúchán CE.
Tá an obair pobalbhunaithe.
Is laistigh de Chreat um Dhearbhú Cáilíochta a sholáthraítear an oiliúint a chuirtear ar fáil trí CE. Féach na sonraí de na cúrsaí aitheanta ar www.qqi.ie ar féidir iad a bhaint amach agus arb é an toradh a bheidh orthu ná mórdhámhachtainí ar Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí.
Nuair a thagann deireadh le socrúchán CE duine, tugtar spreagadh don duine sin post a lorg in áit eile trí úsáid a bhaint as na scileanna, an taithí agus an oiliúint a fuair sé/sí le linn dó/di sin páirt a ghlacadh sa scéim CE.
Maireann socrúchán CE ar feadh 12 mhí le heisceachtaí áirithe.
Is ionann an aois cháilitheach ghinearálta do CE agus 21 bliain.
Go ginearálta, ní mór duit a bheith ag fáil ceann de na híocaíochtaí seo a leanas ar feadh 12 mhí ar a laghad:
Tá roinnt eisceachtaí ann agus is fearr labhairt le ball foirne i d'Ionad Intreo áitiúil chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na critéir cháilitheacha.
Go ginearálta, maireann na socrúcháin go léir ar feadh bliana amháin, ach má tá rannpháirtí CE ag tabhairt faoi oiliúint chun mórdhámhachtain a bhaint amach, is féidir am an rannpháirtí a shíneadh suas le dhá bhliain chun ligean dó nó di an oiliúint a fheabhsóidh a ionchais fostaíochta iomlána a chríochnú. Is féidir le daoine incháilithe os cionn 55 bliana d'aois fanacht ar CE ar feadh trí bliana gan an ceanglas go bhfuil siad i mbun oiliúna do mhórdhámhachtain a chomhlíonadh.
Déantar íocaíochtaí i bhfoirm pá. Is de réir na bunteidlíochta leasa shóisialaigh a shocraítear ráta pá an rannpháirtí.
Is ionann an íosíocaíocht sheachtainiúil (bunaithe ar 19.5 uair an chloig oibrithe) agus €259.50 in aghaidh na seachtaine.
Más mó ná €232 in aghaidh na seachtaine an Íocaíocht Leasa Shóisialaigh a bhí á fáil agat roimh duit scéim CE a thosú, gheobhaidh tú an méid céanna agus méid d’Íocaíochta Leasa Shóisialaigh móide €27.50 in aghaidh na seachtaine. nó más ionann agus €232 in aghaidh na seachtaine an Íocaíocht Leasa Shóisialaigh a bhí á fáil agat roimh duit scéim CE a thosú, gheobhaidh tú íocaíocht €259.50 in aghaidh na seachtaine.
Féadfaidh tú aon sochar breise a choinneáil, ar an gcoinníoll go bhfuil tú fós incháilithe.
Tá rannpháirtithe i bhFostaíocht Pobail árachaithe ag ÁSPC Aicme A8/A9 speisialta, a thabharfaidh ranníocaíocht íoctha dóibh in aghaidh na seachtaine, mar aon le hoibrithe Aicme A eile. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil anseo
Fógraítear poist ar láithreáin gréasáin fostaíochta agus post náisiúnta agus ar na meáin áitiúla, mar shampla www.jobsireland.ie .
De rogha air sin, is féidir leat labhairt le ball foirne i i d'Oifig Intreo áitiúil .
Féadfaidh eagraíochtaí deonacha agus comhlachtaí poiblí urraíocht a dhéanamh ar thionscadail CE atá chun leasa an phobail. Ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh lena nIonad Intreo Áitiúil chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Is íocaíocht aonuaire í an Íocaíocht Ex-Gratia Fostaíochta Pobail do mhaoirseoirí incháilithe CE agus do mhaoirseoirí cúnta CE. Is féidir leat an íocaíocht seo a fháil tar éis duit aois scoir a bhaint amach i leith ama fostaithe sa ról sin.