Ciallaíonn díolúine ó staidéar na Gaeilge nach gá do dhalta a fhreastalaíonn ar bhunscoil nó ar iarbhunscoil staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Mar sin féin, tá líon teoranta de chúinsí áirithe trínar féidir díolúine a dheonú. Tarmligeadh an t-údarás chun díolúine a dheonú chuig lucht bainistíochta scoile.
Ba chóir do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí iarratas a dhéanamh i scríbhinn thar ceann a linbh, ag lua le príomhoide na scoile cén fáth go bhfuil díolúine á lorg. Ní bhreithneofar leanbh le haghaidh díolúine ach amháin i gcásanna ina dtagann a c(h)uid cúinsí oideachais faoi na forálacha atá leagtha amach in imlitir 0054/2022 (Bunscoil ) nó in imlitir 0055/2022 (iarbhunscoil) ón Roinn.
Application for exemption from the study of Irish primary schools
Application for exemption from the study of Irish post-primary schools
I gcás go ndiúltaítear iarratas ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, tá sé de cheart ag tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh chuig an gCoiste Achomhairc um Dhíolóintí ón nGaeilge. Díreoidh breithniúcháin an Choiste Achomhairc um Dhíoluintí ón nGaeilge ar an bpróiseas a lean an scoil sa phróiseas cinnteoireachta ar an iarratas amháin. Breithneoidh an Coiste Achomhairc um Dhíolúintí ón nGaeilge an tslí inar lean an scoil an próiseas mar atá leagtha amach sa Chiorclán seo agus sna Treoirlínte do Bhunscoileanna a ghabhann leis.
Caithfear achomharc a chur isteach laistigh de 30 lá féilire ón dáta ar cuireadh cinneadh na scoile gan díolúine a dheonú in iúl i scríbhinn don tuismitheoir/do na tuismitheoirí nó don chaomhnóir/do na caomhnóirí.