Pinsean Forlíontach - Múinteoirí agus foireann neamhtheagaisc
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Pinsean Forlíontach iníoctha i dtosca áirithe do dhaoine a d'íoc ÁSPC Aicme A le linn dóibh a bheith fostaithe.
Is éard is pinsean forlíontach ann ná suim airgid atá iníoctha do phinsinéirí de réir téarmaí na scéimeanna pinsean múinteoirí. Íoctar mar aon leis an bpinsean gairme é áit a bhfuil ranníocaíochtaí pinsin comhordaithe íoctha ag múinteoir mar seo a leanas:
Gné choitianta de scéimeanna pinsin is ea an comhordú. Áit a n-íocann fostaithe ÁSPC ag an ráta iomlán (Aicme A), íoctar ranníocaíocht laghdaithe pinsin agus laghdaítear méid an phinsean gairme dá réir sin ar an mbonn go ndéanann na sochair Leasa Shóisialaigh atá iníoctha cúiteamh as an laghdú. (Déan tagairt le do thoil do shuíomh gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí i gcomhair eolais faoi ÁSPC.)
Bíonn pinsean forlíontach iníoctha sna tosca seo a leanas:
a) an pinsinéir a bheith ag fáil pinsean gairme *
b) an pinsinéir a bheith dífhostaithe; agus
c) mar gheall ar chúiseanna nach bhfuil neart aige/aici orthu, nár éirigh leis/léi cáiliú do shochar Leasa Shóisialaigh nó gur cháiligh sé/í do shochair ag ráta laghdaithe. Is iad na sochair sin ná:
* i gcás an phinsin chostas–neodraigh luathscoir, níl an pinsean forlíontach iníoctha roimh aois a 60.
Is ionann an pinsean forlíontach agus an difríocht idir an pinsean gairme iomlán (i.e. an pinsean a bheadh iníoctha dá mba rud é nach raibh comhordú i gceist), agus iomlán comhcheangailte:
Íocann an Roinn Oideachais pinsean forlíontach do phinsinéirí na scéimeanna pinsin a riarann an Roinn sin. Tá foirmeacha iarratais agus eolas faoin íocaíocht seo ar fáil ar leathanach an Phinsin Fhorlíontaigh ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais.
Is é an ról a bhíonn ag an Roinn Coimirce Sóisialaíná an chuid chuí d’fhoirm iarratais cuí na Roinne seo a chomhlánú, ar a iarraidh sin agatsa, ag tabhairt mionsonraí dóibh faoi do chuid teidlíochta Leasa Shóisialaigh.
Féadfaidh an Roinn Oideachais eolas sonrach a lorg tráthanna ón Roinn Coimirce Sóisialaíd’fhonn a chinntiú go bhfuiltear ag géilleadh do théarmaí na scéimeanna pinsin.
Níl pinsean forlíontach iníoctha má tá tú fostaithe i gcáilíocht ar bith a bhfuil ranníocaíocht ÁSPC ag gabháil leis a d’fhéadfaí sochar Leasa Shóisialaigh a íoc dá barr.
Ní íoctar, ní mór iarratas ar an bpinsean forlíontach a chomhlánú agus a chur faoi bhráid Aonad na bPinsean sa Roinn Oideachais chun go mbreithneofar íoc an phinsin fhorlíontaigh. Is iondúil go ndéantar iarratas dá leithéid nuair atáthar ag dul ar scor nó nuair a bhíonn intofacht d’íoc an phinsin fhorlíontaigh bainte amach ag duine.
Is féidir iarratas eile a chur isteach ag aois 65, an aois intofa don Phinsean Stáit (Aistriú), agus/nó aois 66, an aois intofa don Phinsean Stáit (Ranníocach), má tá tú ag iarraidh an phinsin fhorlíontaigh i gcónaí mar láníocaíocht nó mar pháirtíocaíocht.
An leanfar leis an bpinsean forlíontach a íoc liom le mo shaol ach é a bheith faofa aon uair amháin?
Ní leanfar. Áit a bhfuil an pinsean forlíontach bronnta, ní mór duit Aonad na bPinsean sa Roinn Oideachais a chur ar an eolas más rud é:
a) Go bhfaigheann tú fostaíocht
b) Go dtagann tú chun bheith faoi dhliteanas mar dhuine féinfhostaithe ranníocaíochtaí ÁSPC a íoc
c) Go dtagann tú chun bheith intofa d’íoc sochar nua/breise Leasa Shóisialaigh
Tiocfaidh deireadh le híoc an phinsin fhorlíontaigh nuair a bhíonn aois 65 slán agat. Is féidir leat cur isteach ar an bpinsean forlíontach arís tar éis an dáta sin más rud é, de bharr cúinsí nach bhfuil neart agat orthu, nach n-éiríonn leat cáiliú do shochair áirithe Leasa Shóisialaigh nó go gcáilíonn tú do na sochair sin ag ráta laghdaithe. (I gcásanna dá leithéid, féadann ráta laghdaithe pinsin fhorlíontaigh a bheith iníoctha).
(Déan tagairt le do thoil do shuíomh gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí chun eolas a fháil faoi na hathruithe ar an bPinsean Stáit (Aistriú) ó 1 Eanáir 2014.)
Comhlánaigh le do thoil an fhoirm iarratais don phinsean forlíontach agus cuir in éineacht léi an doiciméadú ón Roinn Coimirce Sóisialaímar fhianaise ar an ráta sochar Leasa Shóisialaigh a bhfuil tú i dteideal é a fháil agus gheobhaidh tú an fuílleach ón Roinn seo.
Iarratas ar Íocaíocht Phinsean Forlíontach (SUPP1)
Feic le do thoil an Nóta Míniúcháin faoi phinsin fhorlíontach chomh maith. Treoir is ea an doiciméad seo. Ní airbheartaítear gur doiciméad dlí é ná go bhfuil sé uileghabhálach.
Nóta Faisnéise, Pinsean Forlíontach
Tugtar faisnéis thíos a bheadh úsáideach duit maidir leis an iarratas agus na coinníollacha nuair a fhaightear Pinsean Forlíontach ón Roinn Oideachais.
Léigh an Nóta Míniúcháin le do thoil sula gcuireann tú isteach ar an bPinsean Forlíontach. Más rud é go measann tú, tar éis duit an nóta seo a léamh, go bhfuil teidlíocht agat do Phinsean Forlíontach, comhlánaigh le do thoil:
Iarratas ar Íocaíocht Phinsean Forlíontach (SUPP1)
Iarratas ar Íocaíocht Phinsean Forlíontach (SUPP 3)
Iarratas ar Íocaíocht Phinsean Forlíontach (SUPP 4)
Iarratas ar Íocaíocht Phinsean Forlíontach (SUPP 5)
Agus cas na foirmeacha comhlánaithe ar ais chuig: