Is féidir Forlíonadh Éagumais a íoc mar fhorlíonadh do dhaoine a fhaigheann Sochar Míchumais. Íoctar é le daoine a bhfuil míchumas buan orthu chun oibre mar gheall ar timpiste nó galair a fhulaingítear ag an obair. Ní íoctar é ach leo siúd nach gcáilíonn d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe eile.
Ní féidir leat cáiliú ach amháin mura gcáilíonn tú do Sochar Breoiteachta , Pinsean Easláine nó Liúntas Míchumais.
Níl an fordheontas seo de réir tástála acmhainne. D’fhéadfá a bheith i dteideal méadú um dhuine fásta cáilithe a éileamh, má tá céile, páirtí sibhialta nó comhchónaitheoir agat agus méadú do pháiste cáilithe a chónaíonn leat de ghnáth.
Seo a leanas rátaí seachtainiúla Forlíonadh Éagumais:
Forlíonadh Éagumais de réir catagóirí | Rátaí seachtainiúla | ||
Faoi bhun 66 bliana d'aois | €232.00 | ||
66 bliain d'aois agus níos sine | €251.30 | ||
Méadú do dhuine fásta cáilithe faoi 66 bliana d'aois | €154.00 | ||
Méadú do dhuine fásta cáilithe 66 bliana d’aois agus níos sine | €166.80 | ||
Méadú do leanbh cáilithe | Faoi 12 | Os cionn 12 | |
Ráta iomlán | €46.00 | €54.00 | |
Leathráta | €23.00 | €27.00 |
Má fhaigheann tú Sochar Míchumais, cheana féin, is féidir go bhfuil tú i dteideal Forlíonadh Éagumais.
Déanfaidh an t-oifigeach breithiúnachta measúnú ansin an bhfuil tú éagumasach ar obair mar gheall ar ghortú nó tinneas a d’fhulaing tú mar thoradh ar do phost roimhe seo. Tá tuairisc leighis i gceist leis seo.
Mura bhfaigheann tú aon íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile, socróidh an t-oifigeach breithiúnachta chun foirm éilimh ar íocaíocht Éagumais a sheoladh chugat chun tús a chur le do phróiseas iarratais.
Seol d’fhoirm iarratais críochnaithe leis na doiciméid tacaíochta ábhartha chuig:
Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.