San aimsir a caitheadh, faoi chóras riaracháin ar a dtugtaí ‘Scéim um Chúnamh Dlíthiúil an Ard-Aighne’, bhí roinnt daoine a raibh éilimh acu a chuaigh i bhfeidhm ar shaoirse phearsanta in ann iarratas a dhéanamh chun cúnamh dlíthiúil saor in aisce a fháil. Áiríodh leis sin habeas corpus, rúin i ndáil le bannaí agus athbhreithniú breithiúnach, agus scéimeanna áirithe maidir le heiseachadadh.
Tagraíodh don scéim den chéad uair sa Chúirt Uachtarach sa bhliain 1967 in Re Woods. Thug an Chúirt faoi deara gur dheimhnigh dlíodóirí don Ard-Aighne gur i gcásanna áirithe a chuaigh i bhfeidhm ar shaoirse, go nglacfadh an tArd-Aighne costas a bhain le hionadaíocht dhlíthiúil don té sin. Cé gur dhiúltaigh an Chúirt cúnamh dlíthiúil a dheonú, chuir sí síos ar an ngealltanas seo "as a notable contribution to the cause of personal liberty".
Cé gur ‘Scéim an Ard-Aighne’ a thugtar air, níl an scéim á reáchtáil ag Oifig an Ard-Aighne le blianta fada. Roimh mhí an Mheithimh 2012, ba é an Roinn Dlí agus Cirt a bhí á reáchtáil don Ard-Aighne. Ó mhí an Mheithimh 2012 ar aghaidh, aistríodh riarachán na scéime chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. I mí Eanáir 2013, aistríodh freagracht airgeadais ó Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit chuig an Roinn Dlí agus Cirt. Chomh maith leis sin, athainmníodh an scéim mar ‘An Scéim um Chúnamh Dlíthiúil – Saincheisteanna Coimeádta’ ón dáta sin ar aghaidh.
Ní aon bhaint ag Oifig an Ard-Aighne leis an scéim seo. Ba chóir gach ceist agus iarratas ar fhaisnéis bhreise a sheoladh chuig an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.