Forbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann an An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) tacaíocht scoile agus forbairt ghairmiúil mhúinteoirí ar fáil. Is iad foirne ildisciplíneacha, a oibríonn go dlúth le Líonra na nIonad Oideachais, a chuireann tacaíocht ar fáil.
Is í príomhghníomhaíocht na nIonad Oideachais (Ionaid Mhúinteoirí roimhe sin) seachadadh áitiúil na gclár náisiúnta um fhorbairt ghairmiúil múinteoirí a eagrú thar ceann na Roinne Oideachais. Chomh maith leis sin, eagraíonn Ionaid clár áitiúil éagsúil um ghníomhaíochtaí do mhúinteoirí, do bhainistíocht scoile agus do thuismitheoirí mar fhreagra ar éileamh. Tá Ionaid Oideachais ina gcomhlachtaí reachtúla faoi bhainistiú coistí deonacha bainistíochta a thoghtar ar bhonn bliantúil.
Tá 21 ionad oideachais lánaimseartha agus 7 n-ionad oideachais pháirtaimseartha:
Clár Lárionad Tacaíochta Oideachais
Faoi Alt 37, An tAcht Oideachais, 1998
Seirbhísí Tacaíochta do múinteoirí agus scoileanna
Forálann plean gníomhaíochta DEIS do chóras caighdeánaithe maidir le leibhéil mhíbhuntáiste a aithint agus do Chlár Tacaíochta Scoil comhtháite nua (SSP).
Cuireann foireann de chomhairleoirí DEIS ó laistigh den tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) tacaíocht ar fáil do bhunscoileanna Bhanda Uirbeach 1 agus Bhanda Uirbeach 2 atá páirteach i DEIS i réimse na litearthachta agus na huimhearthachta.
Déanann clár Maoiseacht do Threoirchomhairleoirí (dara leibhéal) piarthacaíocht ghairmiúil atá éascaithe ag maoirseoirí agus deis chun rochtain a fháil ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach a sholáthar do threoirchomhairleoirí.
Cabhraíonn an Clár Scoile an TeastaisShóisearaigh (JCSP) le daoine óga a dhéanamh ar an Teastas Sóisearach níos inrochtana dóibh siúd a d'fhéadfadh a fhágann an scoil gan cháilíochtaí foirmiúla.
Bord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath, BótharGhrianréime, Baile Átha Cliath 12, D12 F9X8
Soláthraíonn an tacaíocht agus saineolas tSeirbhís Náisiúnta Tacaíochta Iompraíochta NBSS d'iarbhunscoileanna a bhfuil deacracht acu le déileáil le briseadh leanúnach tromchúiseach ag daltaí.
Cuireann an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) tacaíocht scoile agus forbairt ghairmiúil mhúinteoirí ar fáil. Is iad foirne ildisciplíneacha, a oibríonn go dlúth le Líonra na nIonad Oideachais, a chuireann tacaíocht ar fáil.
Is é atá i gceist le Foireann Forbartha Thionscadal Mata (PMDT) tabhairt isteach na siollabas athbhreithnithe do Mhatamaitic an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta araon.
Soláthraíonn an tSeirbhís Tacaíochta umOideachas Speisialta (SESS) raon tacaíochtaí do phearsanra scoile a oibríonn le daltaí (bunscoile agus iarbhunscoile) a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu.
Tá an Rannóg Oideachais Múinteoirí lehaghaidh sonraí na cláir atá maoinithe ag an Roinn i réimse an Oideachas Speisialta.
Cuireann an Clár um Chúrsaí Samhraidh cúrsaí oiliúna ar fáil do mhúinteoirí i rith an tsamhraidh. Is iad na príomhchuspóirí atá leis dul chun cinn a dhéanamh ar scileanna oideolaíochta agus bainistíochta na múinteoirí.
Is ionann an Scéim um Líonra Gairmiúil Múinteoirí (TPN) agus eagraíocht múinteoirí a thugann piarthacaíocht ghairmiúil do bhaill.