Iarratas a dhéanamh ar Shaoráid Mianadóireachta Stáit
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is faoi réir thrí údarú Stáit a fháil a bhíonn mianach ar mhaithe le mianra sceidealta in Éirinn:
Chun mianadóireacht ar bith a dhéanamh ar mhianraí sceidealta, teastaíonn Léas Mianadóireachta Stáit faoin Acht Forbartha Mianraí 1940-1999 le haghaidh mianraí faoi úinéireacht an Stáit, nó Ceadúnas Mianadóireachta Stáit faoi Acht 1979 le haghaidh mianraí faoi úinéireacht phríobháideach. Is é an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide a eisíonn iad araon.
Féadfar Cead Mianadóireachta Stáit a eisiúint ar feadh tréimhsí teoranta ama le haghaidh tonnáistí an-bheag mianraí faoi úinéireacht an Stáit, ach is annamh go mbaintear úsáid as an nós imeachta sin. Tugtar Saoráidí Mianadóireachta Stáit ar na trí chead sin le chéile. Achtaíodh an tAcht Forbartha Mianadóireachta 2017 an 26 Iúil 2017 agus tá sé le teacht i bhfeidhm go luath.
Ní mór d’iarratasóirí Ceadúnas bailí Sirtheoireachta nó Saoráid Mianadóireachta Stáit atá ann cheana a bheith acu i leith an limistéir inspéise chun tús a chur le mianadóireacht. Gearrtar an táille iarratais de réir mar a leagtar amach in I.R. Uimh. 259 de 1996 - Rialacháin Forbartha Mianraí, 1996. Bainfidh faisnéis tacaíochta éagsúil le gach iarratas; dá bhrí sin moltar d’iarratasóirí dul i gcomhairle leis an roinn seo.
Socraítear Saoráidí Mianadóireachta Stáit trí idirbheartaíocht ar bhonn cás ar chás de réir mar a cheanglaítear le hAlt 26 den Acht Forbartha Mianraí 1940 - 1999, a bhfuil feidhm aige chomh maith i leith Ceadúnais faoin Acht Forbartha Mianraí 1979 (féach Alt 17 d’Acht 1979).
Áirítear leis na coinníollacha:
Ní mór cúiteamh a íoc le húinéirí príobháideacha mianraí i gcás ina bhfuil oibriú mianraí den chineál sin ceadúnaithe faoi Acht 1979.
Sula n-eiseofar SMS, ní mór d’iarratasóirí plean iaimh atá mionsonraithe agus costáilte a chur ar fáil. Ní mór go gclúdóidh oibritheoir an mhianaigh na costais a bhaineann leis an mianach a iamh agus a athshlánú, agus aon chúram fadtéarmach, iarmharach, gníomhach nó éighníomhach a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil, lena n-áirítear monatóireacht agus iniúchadh, á chur san áireamh.
Dearbhaíonn na pleananna mionsonraithe iaimh sin go bhfágfar an mianach agus suíomh na saoráide bainistíochta fuíll i staid inghlactha a chosnóidh sláinte agus sábháilteacht an phobail, a íoslaghdóigh an riosca éillithe agus, nuair is féidir, a fhágfaidh go mbeifear in ann úsáid tháirgiúil a bhaint as an talamh nó timpeallacht chobhsaí a chruthú.
Is é an nós imeachta chun iarratas a dhéanamh litir fhoirmiúil a sheoladh isteach ina iarrtar Léas nó Ceadúnas Mianadóireachta Stáit, ina gcuirtear in iúl cé na mianraí atá á n-iarraidh, in éineacht le léarscáil ina léirítear an limistéar, mar aon leis an táille chuí iarratais de réir mar a leagtar amach in I.R. Uimh. 259 de 1996.
Seol é sin chuig:
Príomhoifigeach, An Rannán Taiscéalaíochta agus Mianadóireachta, An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, 29-31 Bóthar Adelaide, Baile Átha Cliath 2, D02 X285.
Cé go mbeidh éagsúlacht áirithe ann maidir leis an bhfaisnéis a bheidh ag teastáil chun tacú le hiarratas i gcúinsí ar leith, agus cé go moltar d’iarratasóirí dul i gcomhairle leis an rannán Taiscéalaíochta agus Mianadóireachta, is féidir liosta cineálach dá bhfuil ag teastáil a fháil sna doiciméid seo a leanas:
Riachtanais na Roinne maidir le faisnéis arna chur isteach mar chuid d’iarratas ar léas nó ar cheadúnas mianadóireachta:
Cuimsítear samplaí de ríchíosanna agus faisnéis maidir le cánachas mianraí in: