Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a Fháil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Má tá tú tar éis teacht go hÉirinn ón Úcráin faoin Treoir um Chosaint Shealadach de chuid an Aontais Eorpaigh le déanaí, níor cheart duit iarratas ar Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) a dhéanamh ar líne. Ina áit sin, ba cheart duit cuairt a thabhairt ar cheann d'oifigí de chuid ár roinne. Tá socruithe faoi leith déanta ag an roinn chun déileáil le d'iarratas ar Uimhir PSP agus chun cuidiú leat le haon riachtanas maidir le tacaíocht ioncaim.
Cabhraíonn Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) leat teacht ar shochair leasa shóisialaigh, ar sheirbhísí poiblí agus ar eolas in Éirinn.
Tá 7 n-uimhir i ngach aon Uimhir PSP mar aon le litir amháin nó dhá litir i ndiaidh na n-uimhreacha sin.
Is féidir leat teacht ar liosta de na gníomhaireachtaí Stáit a úsáideann Uimhreacha PSP anseo.
Chun Uimhir PSP a fháil, ní mór duit fianaise ar an méid seo a leanas a sholáthar:
Ní ghlactar leis na nithe seo a leanas mar fhianaise ar d'aitheantas:
Má tá iarratas á dhéanamh agat ar Uimhir PSP chun tús a chur le fostaíocht in Éirinn, ní mór go mbeadh tairiscint sínithe fostaíochta agat ó d'fhostóir lena ndeimhnítear cathain a bhfuil tús le cur le do phost nó cathain ar cuireadh tús le do phost. Ba cheart go mbeadh an litir seo ar pháipéar ceannteidil na cuideachta agus ba cheart go mbeadh sonraí teagmhála agus uimhir chláraithe an fhostóra/na cuideachta ar an litir. Níl Uimhir PSP uait má tá obair á cuardach agat nó ionas go mbeadh fostóir in ann fostaíocht a thairiscint duit.
Samplaí eile de na cúiseanna a bhféadfadh Uimhir PSP a bheith ag teastáil uait iad na samplaí seo a leanas:
Chun Uimhir PSP a fháil, ní mór duit fianaise ar do sheoladh a sholáthar.
Ní mór go mbeadh d'ainm agus do sheoladh ar an doiciméad agus ní ghlacfar le doiciméad a bhfuil dáta níos mó ná 3 mhí ó shin air.
Is féidir leat aon cheann de na doiciméid seo a leanas a úsáid chun é seo a dhéanamh:
*Má tá tú ag fanacht le cairde nó gaolta, tá bille teaghlaigh bunaidh mar aon le nóta ó shealbhóir an bhille lena ndeimhnítear go bhfuil cónaí ort ag seoladh an bhille inghlactha. D'fhéadfaí an nóta seo a scríobh ar an mbille féin.
Tá seirbhís iarratais Uimhir PSP ar fáil ar líne ag mywelfare.ie do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn atá 18 mbliana d'aois nó níos sine.
Chun iarratas ar Uimhir PSP a dhéanamh ar líne, beidh cuntas bunúsach MyGovID ag teastáil uait. Mura bhfuil cuntas MyGovID agat, is féidir leat ceann a fháil anseo.
Beidh ort grianghraif nó cóipeanna de na nithe seo a leanas a uaslódáil:
Ní mór duit a chinntiú go bhfuil na doiciméid go léir a uaslódálann tú soléite.
Má tá ceist ar bith agat maidir le d'iarratas ar Uimhir PSP, déan teagmháil le d'ionad leithdháilte Uimhreacha PSP áitiúil, le do thoil.
Tugtar, de ghnáth, Uimhir PSP do pháistí a bheirtear i bPoblacht na hÉireann nuair a chláraítear a mbreith leis an bPríomhoifig Chlárúcháin (GRO). Ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá iarratas a chur isteach d'Uimhir PSP do pháiste a rugadh sa stát. Mar sin féin, mura chláraítear an bhreith laistigh de 3 mhí, caithfidh go ndéanfaidh tuismitheoir nó caomhnóir iarratas.
Caithfidh tuismitheoir nó caomhnóir iarratas a dhéanamh d'uimhir PSP do pháistí atá ina gcónaí in Éirinn ach nár rugadh anseo iad. Caithfidh go mbeadh Uimhir PSP ag duine de na tuismitheoirí nó caomhnóirí chun go mbeidh an páiste cláraithe.
Ba chóir go ndéanfaidh an tuismitheoir nó an caomhnóir foirm iarratais REG1M (thíos) ar Uimhir PSP a chomhlánú ar son a p(h)áiste faoi aois 18, agus fianaise de na nithe seo a leanas a sholáthar:
Ba chóir duit an t-iarratas ar Uimhir PSP atá líonta ar son do pháiste a chur isteach chuig an Ionad Leithdháilte Uimhreacha PSP is gaire duit.
Nuair atá an t-iarratas curtha isteach agat, agus nuair atá gach rud in ord, seolfaidh an roinn litir chugat le sonraí na huimhreach PSP.
Meastar gur páistí iad daoine faoi 18 mbliana d'aois chun críocha leithdháileadh Uimhir PSP.
Foirm Iarratais: le haghaidh Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí do leanbh atá faoi 18 (REG1M)
Deireadh Fómhair 2022
Má tá cónaí ort lasmuigh d'Éirinn agus má theastaíonn Uimhir PSP uait chun idirghníomhú le gníomhaireacht stáit in Éirinn amhail Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim nó le ranna rialtais eile, ní mór duit foirm iarratais le haghaidh Uimhir PSP (REG1) a chomhlánú agus an méid seo a leanas a sholáthar freisin:
Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a sheoladh trí ríomhphost chuig CIS@welfare.ie nó sa phost chuig;
Foirm iarratais: Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (REG1)
06.07.2022
PPS Number Exceptional Registration Application Form
PPS Number Third Party consent form
Má tá ceist ar bith agat maidir le d'iarratas ar Uimhir PSP, déan teagmháil le d'ionad leithdháilte Uimhreacha PSP áitiúil, le do thoil.