Athbhunú Cuideachta: Litir Toilithe
Ó Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Déanann Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit ionadaíocht don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus do Chláraitheoir na gCuideachtaí maidir le hiarratais a dhéanann baill, stiúrthóirí agus creidiúnaithe chun cuideachta, a baineadh de bhun Acht na gCuideachtaí, a athbhunú. Eisítear litir toilithe maidir le cuideachta a athbhunú faoi Alt 738 d’Acht na gCuideachtaí 2014 ón oifig seo ar son an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus ar son Chláraitheoir na gCuideachtaí.
Ba chóir an t-iarratas ar athbhunú a dhéanamh ar fhógra chuig agus a sheirbheáil ar:
Cláraitheoir na gCuideachtaí, An Rannóg Forfheidhmithe, Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1
An tAire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadhta PFN agus Athchóirithe, An Rannóg um Maoin Stáit, Foirgnimh an Rialtais, Sráid Mhuirfean Uachtarach, Baile Átha Cliath 2
An Príomh-Aturnae Stáit, Teach Osmond, Sráid na gCaorach Bheag, Baile Átha Cliath 8
Na Coimisinéirí Ioncaim arna n-ionadú ag an Aturnae Ioncaim, Sráid na gCaorach Mhór, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2
I gcás iarratas ó chreidiúnaí: An rúnaí agus gach duine atá liostaithe mar stiúrthóirí na cuideachta (a uamtar mar Fhógrapháirtithe sna himeachtaí de ghnáth freisin)
Ba cheart imeachtaí a sheirbheáil ar an oifig seo 14 lá ar a laghad roimh an dáta a mbeidh sé le cur ar ais.
Ní mór go luafar sa Mhionnscríbhinn ar a mbunaítear an t-iarratas ar athbhunú nach bhfuil éileamh déanta ag an Achainíoch a bhfuil idirláimhsiú déanta ag an Stát, go díreach nó go hindíreach, le sócmhainní na Cuideachta agus nach bhfuil sé/sí ar an eolas faoi aon éileamh dá leithéid á dhéanamh ag tríú páirtí.
Tá táille €350 maidir leis an litir thoilithe a eisiúint dlite d’Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit. Ní mór an táille sin a íoc sula n-eisítear an litir thoilithe agus ba cheart í a íoc le ríomhaistriú airgid. Is féidir sonraí cuntas bainc a fháil ach ríomhphost a sheoladh chuig accountsmail@csso.gov.ie. Ba cheart sonraí íocaíochta iomlána faoi gach aistriú a chur ar aghaidh chuig an seoladh ríomhphoist sin thuas. Ba cheart ainm na cuideachta a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh maidir léi a úsáid mar thagairt i ngach ríomhaistriú airgid.
Ba cheart comhfhreagras a sheoladh chuig: An Rannóg Seirbhísí Dlí, An Rannóg Ceartais, Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit, Teach Osmond, Sráid na gCaorach Bheag, Baile Átha Cliath, D08 V8C5.