Fógraíonn an tAire Humphreys go bhfuil iarratais oscailte anois do Shíneadh na Scéime Saorthaistil Nua. Ón 29 Iúil, leathnófar an Scéim Saorthaistil chuig daoine nach raibh in ann tiomáint ó thaobh leighis de riamh mar gheall ar mhíchumas, agus chuig tiománaithe a bhfuil ceadúnas acu agus a bhfuil sé deimhnithe ó thaobh leighis de nach bhfuil siad in ann tiomáint ar feadh tréimhse 12 mhí nó níos faide.
Tá an Scéim Saorthaistil, ar a dtugtar Pas Saorthaistil uaireanta, ar fáil do:
Tugann an Scéim Saorthaistil cead duit taisteal, saor in aisce, ar gach iompar poiblí ar leis an Stát é. Áirítear leis seo bus, iarnród, Nasc Áitiúil agus an Luas, le roinnt eisceachtaí.
Tá saorthaisteal ar fáil freisin ar roinnt seirbhísí atá faoi chúram oibreoirí príobháideacha iompair bus agus farantóireachta. Dá mba mhian leat a fháil amach faoi ghlacadh le Cártaí Saorthaistil ag oibreoir, tá an liosta iomlán ar fáil anseo nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an roinn chun seiceáil a dhéanamh.
Ní féidir leat do Chárta Saorthaistil reatha a úsáid le haghaidh saorthaistil laistigh de Thuaisceart Éireann. Faigh tuilleadh eolais faoi conas leas a bhaint as saorthaisteal laistigh de Thuaisceart Éireann.
Má cháilíonn tú don Scéim Saorthaistil, d’fhéadfadh Cárta Saorthaistil Compánaigh a bheith ar fáil i gcásanna áirithe. Is féidir le do chompánach taisteal leat saor in aisce leis an gcárta seo. Ní féidir le duine ar bith eile do Chárta Saorthaistil a úsáid, is duitse amháin atá sé.
Taispeánfar ceann de na cóid seo a leanas ar do Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP) sa chúinne ar chlé ar barr chun a fháil amach an féidir leat leas a bhaint as saorthaisteal le céile, páirtí, comhchónaitheoir nó compánach:
Sa chás nach bhfuil tú in ann taisteal leat féin mar gheall ar riocht sláinte ach go bhfuil Cárta Saorthaistil agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chárta Saorthaistil Compánaigh ach úsáid a bhaint as:
Is féidir le gach duine atá 66 bliana d’aois nó os a chionn agus atá ina gcónaí go buan sa Stát an Scéim Saorthaistil a úsáid.
Seolfaidh an roinn Cárta Saorthaistil chugat go huathoibríoch sna cásanna seo a leanas:
Mura bhfuil tú cláraithe le SAFE, iarrfaidh an roinn ort é sin a dhéanamh. Nuair a bheidh sé sin curtha i gcrích, seolfaidh an roinn do Chárta Saorthaistil chugat.
Má tá do CSP imithe in éag, ní mór duit é a athnuachan chun leas a bhaint as an Scéim Saorthaistil. Is féidir leat é sin a dhéanamh ar líne ag MyWelfare.ie nó ag d’Ionad CSP áitiúil.
Má tá tú faoi bhun 66 bliana d’aois, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal an Scéim Saorthaistil a úsáid má tá tú i do chónaí go buan sa Stát go dlíthiúil agus:
nó
Má tá tú faoi bhun 66 bliana d’aois, má dheimhnigh tú d’aitheantas leis an bpróiseas clárúcháin SAFE agus mura bhfuil do Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP) imithe in éag, gheobhaidh tú Cárta Saorthaistil go huathoibríoch má fhaigheann tú:
Mura bhfuil tú cláraithe le SAFE, iarrfar ort é sin a dhéanamh sula seolann an roinn do Chárta Saorthaistil chugat.
Má tá do CSP imithe in éag, ní mór duit é a athnuachan chun leas a bhaint as an Scéim Saorthaistil. Is féidir leat é sin a dhéanamh ar líne ag MyWelfare.ie nó ag d’Ionad CSP áitiúil.
Ón 29 Iúil 2024 leathnófar an Scéim Saorthaistil chun daoine os cionn 17 mbliana d’aois agus faoi bhun 66 bliana d’aois a chuimsiú, agus:
nó
Is féidir foirm iarratais don síneadh seo chuig Saorthaisteal Neamhnithe do dhaoine a bhfuil teastas leighis acu agus atá mí-oiriúnach chun tiomána (FTM) a íoslódáil anseo.
Mar chuid den phróiseas iarratais, beidh ort deimhniú a fháil ó do dhochtúir nach bhfuil tú in ann tiomáint ó thaobh na sláinte de ar feadh tréimhse 12 mhí ar a laghad.
Féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal na Scéime Saorthaistil más baintreach, baintreach fir nó páirtnéir sibhialta marthanach thú agus má tá tú 60 bliain d’aois nó os a chionn. Sa chás seo, ní mór Cárta Saorthaistil a bheith ag do chéile nó do pháirtnéir sibhialta nach maireann, agus ní mór duit a bheith ar cheann de na híocaíochtaí seo a leanas:
Tabhair faoi deara: go bhfhéadfá pinsean nó sochar slándála sóisialta den chineál céanna a fháil ó bhallstát AE nó ó thír a bhfuil comhaontú déthaobhach slándála sóisialta ag Éirinn léi.
Chun leas a bhaint as saorthaisteal laistigh de Thuaisceart Éireann, ní mór duit:
Tá foirmeacha iarratais (FTNI1) do Chártaí Pas Cliste do Sheanóirí ar fáil ó:
Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a thabhairt go pearsanta (gan í a chur sa phost nó ar ríomhphost) chuig d’Ionad Intreo áitiúil nó d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil. Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a thabhairt leat in éineacht le d’fhoirm iarratais chuig d’Ionad Intreo nó d’Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh:
Cuirfear d’iarratas ar aghaidh chuig na húdaráis i dTuaisceart Éireann a sheolfaidh do chárta Pas Cliste do Sheanóirí agus treoracha úsáide, go díreach chuig do sheoladh baile. D’fhéadfadh suas le sé seachtaine a bheith i gceist chun an t-iarratas a phróiseáil.
Má tá do Chárta Pas Cliste do Sheanóirí imithe in éag, déan teagmháil leis an oifig Pas Cliste go díreach ag:
Déan cinnte d’ainm, do sheoladh agus d’uimhir PSP a chur ar fáil agus seolfaidh an Oifig Pas Cliste foirm athnuachana go díreach chugat.
Má tá do Chárta Pas Cliste do Sheanóirí caillte, goidte, damáistithe nó má d’athraigh tú d’ainm, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chárta athsholáthair ach an Fhoirm iarratais FTNI2 a úsáid.
Tá sé deimhnithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair (UNI) go bhfuil gach oibreoir iompair sa Scéim Saorthaistil ag ligean do chustaiméirí a bhfuil Cárta Saorthaistil CSP acu leanúint ar aghaidh ag baint leasa as saorthaisteal fiú má tá an cárta imithe in éag. Moltar do shealbhóirí pas saorthaistil a bhfuil Cártaí CSP agus Cártaí Saorthaistil imithe in éag acu a gcártaí a athnuachan a luaithe is féidir.
Tá tuilleadh eolais faoi do Chárta Seirbhísí Poiblí (CSP) a athnuachan ar fáil anseo.
Chun iarratas a chur isteach ar an Scéim Saorthaistil, Íoslódáil an fhoirm iarratais ábhartha. Is féidir leat na foirmeacha iarratais seo a fháil ó d’oifig áitiúil chomh maith:
Seol d’fhoirm iarratais chomhlánaithe mar aon le do dhoiciméid tacaíochta ar ais chuig an Rannóg Saorthaistil.
Foirm Iarratais: Scéim Saorthaistil (FT1) Ná húsáid an fhoirm seo má tá iarratas á dhéanamh agat ar Shaorthaistil do dhaoine a bhfuil deimhniú leighis acu nach bhfuil in ann tiomáint (féach an fhoirm FTM chuí thíos).
Eagrán: Samhain 2023
Saorthaisteal do dhaoine atá deimhnithe nach bhfuil siad i riocht tiomáint de dheasca riocht míochaine (FTM)
Eagrán: Aibreáin 2024
Foirm Iarratais: Cárta Compánach Saorthaistil 70+ (FT O/70)
Eagrán: Eanáir 2022
Foirm Iarratais: Chárta Saorthaistil Chompánaigh Faoi Bhun 70 Bliain d’Aois (FT U/70)
Eagrán: Samhain 2023
Foirm Iarratais: Cárta Ionadach SmartPass (FTNI 2)
Eagrán: Lúil 2022
Tá tuilleadh eolais faoi conas do Chárta Saorthaistil a úsáid ar fáil anseo.
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne sa roinn agus iad i mbun a gcuid oibre.