Tairseach MTT
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Faoi dhlí an AE ní féidir cead pleanála a dheonú do thionscadail ar dócha go mbeidh tionchar mór acu ar an gcomhshaol ach amháin tar éis measúnú a chur i gcrích ar an tionchar ar an gcomhshaol. Tugtar Measúnuithe Tionchair Timpeallachta ar na measúnuithe seo.
Ar thairseach an Mheasúnaithe Tionchair Timpeallachta is féidir leat teacht ar:
Éascaítear deis luath agus éifeachtach leis an Tairseach MTT d’aon duine le bheith rannpháirteach sna nósanna imeachta cinnteoireachta nuair a bhíonn MTT ag teastáil.
Má tá iarratas ar thoiliú forbartha á dhéanamh agat chuig údarás inniúil do thionscadal a bhfuil MTT ag teastáil ina leith, nó má tá sé beartaithe agat amhlaidh a dhéanamh, féach le do thoil ar an nasc Faisnéis d’iarratasóirí thíos.
Más údarás inniúil thú, agus má tá cinneadh á dhéanamh agat maidir le hiarratas ar thoiliú forbartha do thionscadal a bhfuil MTT ag teastáil ina leith, féach le do thoil ar an nasc Faisnéis d’Údaráis Inniúla thíos.
Foirm le haghaidh Iarratasóra ar an EIA le comhlánú.
Má tá sé beartaithe agat tionscadal a thógáil nó a fhorbairt a éilíonn Measúnacht Tionchair Timpeallachta (EIA) - ní mór duit an fhoirm seo a chomhlánú.
Le comhlánú ag an Údarás Inniúil.
Más Údarás Inniúil tú a bhfuil sé beartaithe agat tionscadal a thógáil nó a fhorbairt a éilíonn Measúnacht Tionchair Timpeallachta (EIA) - ní mór duit an fhoirm seo a chomhlánú.
Má tá aon cheist agat is féidir leat teagmháil a dhéanamh le:
Privacy statement for the EIA portal
View the privacy statement for the EIA portal here
Má tá aon cheist agat is féidir leat teagmháil a dhéanamh le: