Féin-Fhaisnéisiú Met Éireann
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dearadh Seirbhís Féin-Fhaisnéisiú Met Éireann chun rochtain éasca chaoithiúil a thabhairt do phíolótaigh agus oibritheoirí aerfort etc. ar raon faisnéis aimsire atá dírithe ar eitlíocht. Ní mór clárú don tseirbhís ach tá sí in aisce. Tá isteach is amach le 800 úsáideoir cláraithe faoi láthair. I measc na n-úsáideoirí is mó a bhaineann úsáid as an tseirbhís, áirítear na seirbhísí éigeandála (an Garda Cósta, an tAerchór), mar aon le haerfoirt áitiúla cosúil le Port Láirge, Sligeach agus Fearann Fuar. Áirítear lear mór úsáideoirí faoin gcatagóir Eitlíocht Ghinearálta, a gcuimsítear leis píolótaigh phríobháideacha a mbíonn ag eitilt mar chaitheamh aimsire chomh maith le heitlíocht thráchtála ar scála beag. Baineann eitlíocht thráchtála ar scála mór úsáid as an bhfaisnéis seo mar chúltaca, ach is iondúil go bhfaigheann siad a bhfaisnéis aimsire trí mhodhanna eile.